Stiofán Ó Néill lena Bhonn Uile-Éireann a Dhiúltú

Foilsithe Samhain 28, 2008 le seanmor
Ranganna: Iarthuaisceart

 

Bonn de chineál eile nach mbeidh ag dul isteach sna 'Occupied Territories'

Bonn de chineál eile nach mbeidh ag dul isteach sna

Tá curtha in iúl ag Stiofán Ó Néill, lántosaí de chuid Thír Eoghain, go bhfuil sé i gceist aige gan glacadh leis an bhonn Uile-Éireann a bhuaigh sé i mí Mheán Fómhair i mbliana.

 

Má baineadh siar as muintir Thír Eoghain ag tús an tséasúir peile anuraidh nuair a d’fhógair An Néilleach go raibh sé ag éirí as foireann an chontae, baineadh geit ar fad astu nuair a fuair siad amach go raibh sé ag teacht ar ais don chluiche ceannais in éadan Chiarraí.

 

Tháinig sé ar an pháirc imeartha sa chéad leath nuair a gortaíodh Colm Mac Cú Uladh agus ba mhór an fháilte a chuir na hEoghanaigh roimhe an lá sin. Cé nach raibh An Néilleach ar bharr a réime sa chluiche sin thug sé seachadadh láimhe den chéad scoth, a chuidigh le Tomaí Mag Uiginn gluaiseacht chun tosaigh i dtreo an chúil leis an scór cinniúnach sin a ghlacadh, scór a chuidigh le Tír Eoghain an triú Craobh Náisiúnta a bhaint taobh istigh de 6 bliana.

 

Ba léir ó dhreach Uí Néill ag dul suas céimeanna Pháirc Uí Chrócaigh dó ag deireadh an chluiche nach raibh sé ar a shuaimhneas faoina ról an lá sin. ‘Ní raibh mé ann ach ar feadh coicíse roimh an chluiche ceannais’ a dúirt sé, ‘agus níor thuill mé an bonn.’

 

Ní gá dó a bheith róbhuartha, áfach, mar tá an-dáimh ag muintir Thír Eoghain leis, agus tá dhá bhonn eile os cionn na tine sa bhaile lena shúil a chaitheamh orthu ó am go chéile. Lena chois sin, tá curtha in iúl aige go mbeidh sé lánpháirteach i bhfeachtas na nEoghanach sa bhliain 2009!

Advertisements

When CRAIC can make you CRY!

Foilsithe Samhain 26, 2008 le seanmor
Ranganna: Bilingual Diary for Learners of Irish

Sinéad Ni Cheallaigh faoi lán seoil

Sinéad Ní Cheallaigh faoi lán seoil

‘Cad é mar atá sibh, a chairde?’ How are yous this week, friends? ‘Bhí deireadh seachtaine den chéad scoth agam an tseachtain seo caite’ we had a great weekend last week. ‘Bhí oíche den chéad scoth againn’ we had one of the best nights ever. ‘Le dhá mhí’ for two months, ‘bhí mé ag súil go mór leis an Oíche Mhór Ghaelach san Amharclann’ I had been eagerly awaiting the Irish Cultural Night in the Alley Theatre, organised by local trad group CRAIC on behalf of CRY (Cardiac Risk in the Young).‘Nuair a bhain muid an amharclann amach’ when we arrived at the theatre, ‘bhí scaifte maith bailithe cheana féin’ there was a good crowd already gathered. There is always a great buzz in the Alley just before a performance; so many people to talk to, and so little time before the show. You only manage to get 20 second snippets of conversation with as many people as you can. ‘Tá sé rud beag cosúil le fíbíní cleamhnais’ It’s a bit like speed-dating, without the dating.

 

 

‘Isteach linn sa halla éisteachta’ we went into the auditorium, ‘áit ghalánta ar fad’ which is a lovely setting. ‘Bhí an áit plódaithe’ it was a packed house, and I was so pleased for the Gallagher family and CRY, for CRAIC, for the Theatre, and even for our own culture. ‘Bhí léar mór ceoltóirí áitiúla ar an ardán i rith na hoíche’ there were many local traditional musicians, of all ages and playing a wide range of instruments, on stage throughout the course of the night. ‘Cad é mar atá sibh?’ how are yous all, asked Strabane’s newest piper-on-the-block, Mick Conaghan, in Irish, as he took the stage with fellow musicians, Seán an Bhosca Ó Néill, Flint na Feadóige, Brian Hasson on guitar, Paul Rouse on bazouki, agus Simon Kennedy ar an fheadóg stáin. ‘Bhí cuid mhór Gaeilge á labhairt ar an oíche’ a lot of Irish was spoken by the musicians on the night.

 

Just before the break, ‘fágadh an t-urlár ag foireann damhsóirí seit as Doire’ a team of set-dancers from Derry took to the floor, joined by Strabane’s own ‘Ardrí an Damhsa’ Lord of the Dance, Mel O’Kane. When they went into a ‘luascadh’ or swing, ‘tógadh gáir a bhain croitheadh as creatacha an tí’ a roar went up that shook the rafters.

 

‘Chuir páistí Rang 4 as an Ghaelscoil taispeántas beag ceoil ar fáil’ the P4 children from the Gaelscoil gave a great wee performance, singing a couple of action songs in Irish ‘An Fathach Fíochmhar’ the Ferocious Giant, with little Sarah shining in vocals, and Erin Gallagher giving a confident note-perfect rendition of Egan’s Polka on the Feadóg Stáin, tin whistle. ‘Tá an teanga agus an ceol slán ar an Srath Bán’ the future of the music and language is in safe hands in these youngsters. ‘Rinne Dominic McGinty scéal a aithris’ then Dominic McGinty delivered one of his famous recitations. In the course of the night we had contrasting ballad styles from several local singers; Brian Hasson with his passion and emotion and musical awareness, Paul McCusker with his relaxed traditional style backed up by the bodhrán, and Brendan Gallagher with his unique Dubliners style of folksinging.

 

‘D’fhreastail mé ar chuid mhór imeachtaí den chéad scoth san amharclann’ I have been to some top class performances in the Alley Theatre; Altán, Kila, Téada and Frances Black, to name but a few. ‘Tá rún le sceitheadh agam’ I have a confession to make. While all these acts are among the best in the country, I tend to think ‘gur leor uair an chloig’ that an hour is more than enough, ‘agus bíonn doicheall agus leisce orm dul isteach arís i ndiaidh an tsosa’ and I sort of dread going back in for another hour after the short break in the show. I don’t know if anyone else feels like this. I get it in every show.

 

However, I did not get it in this CRAIC show. I couldn’t wait to get back in and see who and what would be on the stage next. ‘Agus níor ligeadh síos muid’ and we were not let down. The young dancers of the Barrett School of Dancing lifted the second half with a powerful Riverdance performance. It was great to see a performance that was purely focused on dancing, posture, choreography, music and flowing movement, and it is a breath of fresh air from the wigs, make-up, Book of Kells dresses, and shackled approach of some Irish dancing. ‘Maith sibh’ well done, folks. ‘Agus bhí súil amháin agam ar neacht óg de mo chuid a ghlac páirt sa damhsa sin’ and I had one eye on my own niece, Aoife Devine, who was in the dancing troupe. Well done, Aoife!

 

Emotions where high when Fear an Tí Thomas Maguire asked John Gallagher to say a few words on behalf of CRY, Cardiac Risk in the Young, for whom the night was organised. John and his wife Blanche tragically lost two of their children to the illness, Jonathan (9) in 1985, and Lauren (13) in 2006. He spoke of the struggle to secure cardiac screening for our young people in Strabane. ‘One of the biggest challenges, Seán’ he said to me later ‘is that most people think it won’t happen to them, or to anyone close to them. If cardiac screening can save one young life in Strabane, then it is worth it’. Geraldine Gallagher, a key organiser of the event on behalf of CRAIC local traditional musicians, stated that the organisation regarded all its members as friends and family, and when tragedy strikes one of us it is felt by us all. The night was one small way of offering support for the Gallagher family and for other families who have suffered in similar ways.

 

‘Caithfidh mé a rá’ I have to say, for me, this night was Strabane at its best; ‘An cultúr’ the culture, ‘an ceol’ the music, ‘an Ghaeilge’ the Irish language, ‘an amharclann úr’ the new state of the art theatre, ‘agus an pobal’ and the community, coming together for a vital cause.

 

‘Lean an dara cuid den oíche ar aghaidh i dTeach Christy ina dhiaidh sin’ and the second half of the night was finished off with a fine trad session in Christy’s Bar after the theatre.

 

Leitir Ceanainn

‘An lá dár gcionn’ the next day a couple of us went to play a bit of trad music at a wedding in Letterkenny. Sometimes musicians can feel a bit ignored in a bar, and not just trad musicians. But I now have found the best place and time for traditional musicians to play music; ‘is é sin faoin teilifís sa teach tábhairne nuair a bhíonn cluiche mór peile ar siúl’ directly under the TV in the bar when there’s a big match on. ‘Bhí gach duine cruinn thart orainn’ everyone was gathered around us, ‘bhí siad ag baint lán a gcuid súl asainn’ they were all staring directly at us, ‘agus bhí siad ag scairteadh agus ag bualadh bos’ and they were cheering an clapping. All we need to do now is time the ending of our tunes to coincide with goals being scored.

Tragóid i gCuimhne

Foilsithe Samhain 26, 2008 le seanmor
Ranganna: Uncategorized

ealain-caroline-mcelhill1Is doiligh a chreidbheáil go bhfuil breis agus bliain istigh ó fuair teaghlach iomlán McElhill bás i dtine tí ar an Ómaigh. Creidtear gurb é a n-athair Arthur McElhill a chuir tús leis an tine d’aonghnó. Gach uair a smaoiním ar bhomaití deireanacha na bpáistí beaga sin, cúigear acu, agus ar an chailín is sine acu Caroline, agus an phaidrín i lámh amháin aici agus guthán póca sa lámh eile, cuireann sé ar seachrán mé. Nuair a smaoiním ar a mhac óg, ag cuidiú lena athair an peitreal a iompar isteach sa teach cúpla lá roimh an ionsaí tragóideach, agus gan a fhios aige cad é a bhí ag dul ar aghaidh ach é ag iarraidh cuidiú lena athair mar a dhéanfadh aon mhac óg go bródúil, is beag nach dtéim as mo chrann taca le fearg agus mearbhall. Ábhar sóláis don anam é an obair ealaíne atá déanta ag cairde scoile Caroline, bliain i ndiaidh a básaithe, agus atá ar crochadh i bhforhalla na scoile i gcuimhne uirthi. Seasann daonnacht a cairde amach in aghaidh neamhdhaonnacht an duine a rinne an drochghníomh seo, nach féidir a mhaitheamh go deo.

93 Post Caillte i nDoire

Foilsithe Samhain 24, 2008 le seanmor
Ranganna: Iarthuaisceart

monarcha-i-ndoire2Tá 93 oibrí i monarcha comhpháirteanna cairr i nDoire, Calcast, le ligint chun bealaigh, anois agus muid i mbéal na Nollag, mar gheall ar an ghéarchéim gheilleagrach dhomhanda, de réir lucht bainistíochta an chomhlachta. Bhí suas le 250 duine fostaithe sa mhonarcha lá den tsaol, agus é suite i gCrampsie taobh amuigh de Chathair Dhoire. Déantar cinn sorcóra fá choinne carranna den déanamh Ford Explorer agus tá monarcha eile ag an chomhlacht i nDunmurray in aice le Béal Feirste. Dúradh leis na hoibrithe go dtiocfadh dul abhaile ar an toirt, ach d’fhan an chuid is mó acu lena chinntiú go gcaithfeadh na bainisteoirí mar is ceart leo ó thaobh iomarcaíochta de.

Lá Nua: Géarchéim Léitheoireachta na Gaeilge

Foilsithe Samhain 19, 2008 le seanmor
Ranganna: Cúrsaí Gaeilge

An Bás ag Lá Nua

An Bás ag Lá Nua

Mar atá a fhios ag an saol Fódlach faoin am seo, nó iad siúd a bhfuil bá acu don Ghaeilge, beidh an nuachtán laethúil Gaeilge, Lá Nua, ag druidim roimh an Nollaig. Tá socraithe ag Foras na Gaeilge tacaíocht bhreise a thabhairt do nuachtán seachtainiúil a mbeidh leagan leictreonach de ar fáil chomh maith. Ba mhinic mé féin ag gearán fá chomh tanaí agus a bhíodh Lá Nua, ba mhinic mé ag clamhsán fá chuid den scríbhneoireacht, ach ba mhinic a fuair mé nuacht ann, agus ba mhinic leis altanna maithe a bheith ann agus scríbhneoireacht den chéad scoth ann. Áis iontach d’fhoghlaimeoirí na teanga chomh maith.

Tuigimse go gcaithfear cúrsaí airgid a chur san áireamh i gcónaí in aon tionscnamh mar seo, agus mura mbíonn go leor airgid ag teacht isteach caithfear ceisteanna crua a chur maidir le todhchaí an tionscnaimh. Ach creidim féin nár cheart an plé faoi Lá Nua a bheith scartha ón phlé ginearálta faoi léitheoireacht na Gaeilge.

Má tá gearradh siar le déanamh, ba chóir gach deontas a bhaineann le foilsitheoireacht a chur san áireamh. Tá mise den bharúil, idir na deontais sin ar fad, agus deontais eile nach iad, gur féidir go leor airgid a chur le chéile le nuachtán laethúil Gaeilge a chur i gcló agus a dháileadh ar fud na tíre, go háirithe nuair a bheadh tacaíocht éigin ann ó fhoilsitheoir páipéar nuachta. Nuachtán Laethúil Gaeilge agus Seirbhís Nuachta Idirlín, sin an rud atá de dhíth ar phobal na Gaeilge, thar aon rud eile, agus thar aon fhoilseachán eile, i mo bharúil féin.

Is deas an rud éagsúlacht a bheith ann sna foilseacháin atá ar fáil dúinn, ach creidimse go bhfuil neart fianaise ann gur pobal beag é pobal léitheoireachta na Gaeilge, agus níl aon amhras ormsa gur tábhachtaí i bhfad páipéar laethúil agus seirbhís laethúil idirlín ná aon chineál foilseacháin eile. Agus thiocfadh le nuachtán laethúil freastal ar na riachtanais eile, mar atá á dhéanamh go pointe ag Foinse agus ag Lá Nua araon tríd a gcuid leathanaigh ealaíne, léirmheasanna, polaitíochta, gearrscéalíochta srl. An mbíonn aon rud sna foilseacháin eile nach féidir a chur i bpáipéar nuachta? (Nár cuireadh trí eagarfhocal shuimiúla de chuid Comhar i Lá Nua cheana féin ar na mallaibh?) Nárbh fhearr i bhfad deireadh a chur le páipéar seachtainiúil agus gach maoiniú a dhíriú ar pháipéar laethúil? Agus ní bheadh sé i gceist agamsa an conradh a thabhairt do lucht Lá Nua mar atá siad bunaithe san am i láthair, ná deireadh a chur le lucht Foinse… bheadh nuachtán iomlán úr i gceist, seirbhís iomlán úr, agus iomaíocht ann do na postanna uilig. Cén fáth conradh a thabhairt do dhream amháin thar dhream eile?

Má tá géarchéim i léitheoireacht na Gaeilge san am i láthair, ní géarchéim a bhaineann le Lá Nua amháin, agus níor cheart Lá Nua a dhruidim gan croí na faidhbe a réiteach. Tá gá le astruchtúrú iomlán ar an earnáil.

Ar chóir slán a fhágáil ag foilseacháin eile, más gá, le seirbhís laethúil a shábháil? Is fiú an cheist a chur. Nó ar chóir iad a shnaidhmeadh le chéile níos fearr, san aon togra amháin, agus cineál de Irish Times na Gaeilge a chruthú?

Focal Fáiltiúil

Foilsithe Samhain 2, 2008 le seanmor
Ranganna: Uncategorized

Tá fearadh na fáilte romhat chuig an Bhlag seo. Seo an iarracht is déanaí agamsa blag a chur le chéile. Tá roinnt iarrachtaí eile déanta agam roimhe seo, cuid acu i mBéarla, agus cuid acu sa dá theanga. Gaeilge is mó a bheas á scríobh ar an bhlag áirithe seo, agus mé lán dóchais go mbeidh mé in ann jab níos fearr a dhéanamh den suíomh seo.

Mar a thugann teideal an bhlag le fios, is as Tír Eoghain mé… agus cónaí orm ar an tSrath Bán. iar-shúinéir, iar-Óglach agus iar-chime poblachtánach mé (áit ar fhoghlaim mé mo chuid Jaeilge). Fear pósta, beirt iníonacha (11 agus 7), agus gníomhaí teanga anois mé. Poblachtánach go fóill, ach neamhspleách i mo chuid tuairimí; ní thugaim lántacaíocht d’aon pháirtí polaitiúil. Tá sé i gceist agam meascán d’ábhar a chur ar fáil anseo; dialann lae, tuairimí, eolas ar imeachtaí san iarthuaisceart, agus tagairtí d’imeachtaí náisiúnta.

Hello world!

Foilsithe Samhain 2, 2008 le seanmor
Ranganna: Uncategorized

Welcome to WordPress.com. This is your first post. Edit or delete it and start blogging!