Archive for the ‘Uncategorized’ category

Presidents, Queens and Deputies

Aibreán 20, 2014

Cad é mar atá sibh an tseachtain seo, a chairde? How are you all keeping this week, folks? Tá aimsir an earraigh againn an tseachtain seo, we have some Spring weather this week (although it’s only Monday so that can deteriorate quickly!). Bhí seachtain iontach suimiúil againn ansin ar na mallaibh, we had a very interesting week there recently, politically speaking.

Thug Uachtarán na hÉireann cuairt oifigiúil ar an Bhreatain, the President of Ireland had his official state visit to Britain. Buckingham Palace issued a couple of tweets ‘as Gaeilge’ in the Irish language to welcome him over, ‘agus bhí Máirtín Mag Aonghusa, An Leas-Phríomhaire ar na Sé Chontae, i láthair chomh maith’ and Martin McGuinness also attended in his capacity as Deputy First Minister for the north. Although the media tried hard to keep the focus on Mícheál D Ó hUiginn, I think the meatier , more interesting and more challenging event was Martin McGuinness’ attendance, ‘an chulaith bhreá’ the formal coats and tails (he has my full sympathy in having to put that stuff on), ‘ag seasamh d’amhrán náisiúnta na Breataine’ standing for the British national anthem (although I do think the Irish national anthem got played as well), ‘agus an gloine san aer don Bhanríon Eilis’ and raising the glass to toast Queen Elizabeth of England.

I dont know about any of the rest of you, ‘ach beidh mé ionraic’ but I will be honest and say that I never ever thought ‘go bhfeicfinn lá mar seo’ that I would ever live to see a day like this. Mar phoblachtánach mé féin, as a person with an Irish republican outlook myself, well down the pecking order when compared to Martin McGuinness, I am totally divided in my own mind. On the one hand, I think back to all the people we have castigated, scoffed and criticised for rubbing shoulders with ‘monarcacht na Breataine’ the British monarchy; poor old Gerry Fitt, Margaret Ritchie, and others who embraced their OBEs and MBEs and such. They, too, did it ‘ar son an athmhuintearais’ for the sake of reconciliation. Was it just their timing that was wrong? Or was it just who they were?

To me, the very term ‘poblachtánachas’ or ‘republicanism’ is the opposite to the concept of ‘monarcacht’ monarchy. Tá siad go huile is go hiomlán i gcoinne a chéile, they are totally irreconcilable. To me, Republicanism means rule “of, by and for all the people”, whereas monarchy represents rule by an elite. In the north this is not even an indigenous elite, but an external, foreign elite (from an Irish republican point of view, of course). This elite still claims ‘cumhacht agus údarás’ jurisdiction and authority over the piece of territory that Martin McGuinness electorally represents. With all due respect, it’s not a meeting of equals, in terms of political power. Interestingly, when Sinn Féin was founded by Arthur Griffiths in 1905 it wasn’t a republican party, as he actually proposed Irish parliamentary independence within a dual monarchy; we’d have our own parliament, but we’d share the same monarchy with Britain. This impulse is nothing new, then. ‘Ach tá sé intuigthe cad chuige nach mbeadh roinnt poblachtánach in ann glacadh leis seo, go síochánta agus go daonlathach’ but it is perfectly understandable why some republicans would peacefully and democratically just not be able to accept this. In the fullness of time, that outlook will regain ground, in my view.

‘Ach ar an taobh eile den scéal’ but on the other hand, there’s a part of me that understands and appreciates what Martin McGuinness and Sinn Féin did, and are seeking to do. Is in onóir d’Uachtarán na hÉireann a bhí an dinnéar, the big dinner was actually in honour of the Irish President, and not specifically the British monarchy. Snubbing the dinner would be like snubbing the three quarters of Irish people who are democratically entitled to elect our President (‘go dtí seo’ so far). This partial, but very very significant part of the Irish electorate, want to have normal healthy relations ‘lenár gcomharsana béal dorais’ with our nextdoor neighbours. Away back at the start of ‘an próiseas síochána’ the peace process, Sinn Féin appealed to the Irish Government, the British Government and other international governments to become ‘persuaders for Irish unity’. ‘Níor tharla sin’ that did not happen. Sinn Féin have therefore sought to build their electoral support both north and south, and are seeking to democratically draw as many voters as possible to their view, and they themselves wish to become a major player as a ‘persuader for Irish unity’. Part of this means appealing to the majority of Irish voters who really don’t want ‘an diúltachas, an tsíorchoimhlint agus bagairt an fhoréigin’ negativity and perpetual conflict and the threat of physical force. Part of it also means demonstrating to ‘na gnáth-aontachtóirí’ordinary unionists, who have an attachment to the British monarchy and British identity, that their views will be fully respected in any new Ireland, even if that means republicans having to do things that would previously have been regarded as excruciatingly uncomfortable, if not unimaginable. However, the playing of the Irish National Anthem within the bastion of British power, the tweets in the Irish language from Buckingham Palace and the flying of the Irish national flag side by side with all the symbols of Britishness also sends a message out to unionism how they should learn to respect the Irish identity within the north.

Apart from sitting on the Executive and turning up for a GAA event, it’s hard for me to point to much else that Peter Robinson or the DUP have done that would suggest that they are yet prepared to reconcile themselves to any sort of ‘cothromaíocht nó comhionannas’ parity or equality for the Irish national identity within the Six Counties. Níl aon tacaíocht ann le haghaidh Acht Gaeilge, there is no support for an Irish Language Act, and I was delighted to march with around 6 or 7 thousand people on this point in Belfast last Saturday. Níl aon aitheantas oifigiúil ann do Bhratach na hÉireann, there is no official recognition for the flying of the Irish national flag. There is no attempt to agree to disagree on the past; it seems that if the singular British and unionist interpretation is not accepted hook, line and sinker, then they wont sign any compromise agreements, such as the Haas Proposals (which were actually further from the republican position than they were from the British or unionist position).

As for republicanism, ‘tá dhá chineál poblachtánachais ann anois’, there are now two modern forms of Irish republicanism, ‘an poblachtánachas bunreachtúil’ constitutional republicanism which is the path being taken by Sinn Féin and is focussed on using all elements of the democratic process and institutions to work towards their goal, ‘agus an poblachtánachas scarúnaíochta’ and separatist more traditional republicanism, which remains fragmented, marginalised, and outside the corridors of power, holding to its traditional view that we shouldn’t be assisting and rubbing shoulders with those in power who are opposed to the establishment of the Ireland envisaged by Pearse and Tone and Connolly. Tá mé féin idir dhá cheann na meá, there’s a bit of both of them inside myself.

Blog ag bogadh

Aibreán 12, 2009

Beidh an blag seo ag druidim ag an seoladh seo agus tá mé á aistriú go dtí seoladh eile, mar atá http://www.eoghanach.blogspot.com. Níl mé róshásta leis an leagan amach anseo, ná leis na roghanna atá ar fáil ag wordpress.

Rothaíocht i nGoirtín

Aibreán 6, 2009

Chuaigh mé féin is cara liom, Mícheál, ag rothaíocht thart fá cheantar Ghoirtín i dTír Eoghain tráthnóna Dé Sathairn seo chuaigh thart. Aimsir shamhraidh a bhí ann agus is doiligh a chreidbheáil go bhfuil mé i mo chónaí sa chontae seo le breis agus 45 bliain agus gan a fhios go bhfuil radharc tíre álainn againn ar shléibhte, ar aibhneacha, ar choillte, ar lochanna agus ar pháirceanna breá glasa.

Tá an bheirt againn ag smaointiú ar thuras na hÉireann a dhéanamh i rith an tsamhraidh ó Chionn Mhálanna go Carn Uí Néid agus seo an chéad mhór-iarracht againn lá iomlán a chaitheamh ag an rothaíocht. Bhí 65 chiliméadar curtha dínn fán am a bhain muid An Srath Bán amach arís.

Níl aon mhodh taistil níos fearr ná an rothar le sult a bhaint as an dúlra atá thart orainn. Bronntanas a bhí sa rothar sléibhe seo, a cheannaigh mo bhean chéile dom ar an dá scór a bhaint amach dom.

Caithfidh mé imeacht, tá mo bhean ag iarraidh orm dul isteach agus comhluadar a dhéanamh léi!

Cogadh gan Chiall?

Márta 19, 2009


Mhúscáil eachtraí na seachtaine seo caite muintir na hÉireann as a suan polaitiúil maidir le ceist achrannach dhochloíte na Sé Chontae. Shíl gach duine go raibh deireadh, a bheag nó a mhór, leis an ghníomh míleata sa taobh seo tíre, agus cé gur tuigeadh gurb ann do leithéidí CIRA agus RIRA go fóill, measadh leis go raibh siad mí-éifeachtach toisc iad a bheith róbheag agus róscaipthe, ar easpa taithí, sáite sa síor-aighneas inmheánach, lagaithe ag brathadóirí agus spiairí, agus an lámh in uachtar ag an PSNI orthu ar fad. Ach tharraing siad aird na tíre agus aird an domhain orthu féin leis an dá ghníomh míleata seo, inár maraíodh beirt shaighdiúirí Sasanacha agus ball den PSNI taobh istigh de 24 uair an chloig. Má bhí sé de chuspóir ag lucht na n-ionsaithe muid uilig a mhúscailt, an tír a chur ag caint agus ainm na hÉireann a chur i mbéal an phobail idirnáisiúnta arís eile, is féidir a mhaíomh gur éirigh leo sa mhéid sin.

Thóg na hionsaithe seo ceist mhór i m’intinn féin. Is poblachtánach mé. Thacaigh mé le hÓglaigh na hÉireann ón bhliain 1981, i ndiaidh dom freastal ar roinnt léirsithe ar son na stailceoirí ocrais sa Cheis Fhada, agus cruapholasaí Thatcher mo ghríosadh an t-am ar fad. Roimhe sin, ba bheag baint nó am a bhí agam do Ghluaiseacht na Poblachta. Bhí mé óg, sé bliana déag in 1980, agus mé i mo chónaí anseo ar an Srath Bán i gContae Thír Eoghain. De réir a chéile, bhog mé i dtreo na cogaíochta agus chuaigh mé isteach in Óglaigh na hÉireann. Caithfidh mé a admháil nár éirigh go rómhaith liom ag an tsaighdiúracht ach rinne mé go leor le go gcuirfeadh Seán Buí dhá théarma phríosúnachta orm. Diomaite de thrí mhí an-ghairide, chaith mé m’óige i ngéibheann ó bhí mé 19 mbliana go dtí go raibh mé 32 bliain d’aois. Ní haon seal gairid é sin i saol aon duine. Agus bhí go leor eile sa bhád chéanna liom. Na céadta. Na mílte.

Cad é a choinnigh ag gabháil muid? Ceithre rud. Uimhir a haon, brúidiúlacht an RUC agus Arm na Breataine an chéad rud a choinnigh an díograis ionainn. Ba doiligh trua ar bith a bheith againn dóibh nuair a d’amharc muid ar na hionsaithe a rinne siad ar thórraimh ár gcomrádaithe, agus an dóigh a gcuirídís fiche nó tríocha piléar istigh in Óglach gan aon arm ina sheilbh aige. An dara rud, tacaíocht ónár bpobal féin. Bhíodh daoine i gcónaí ag cur ár dtuairisce lenár muintir, thugaidís cuairt orainn go minic, scríobhaidís litreacha, agus fiú shiúlaidís na sráideanna ar ár son. B’ionann cime ag teacht amach as an phríosún anseo ar an tSrath Bán agus saighdiúr in Arm na hÉireann ag teacht abhaile ón Liobáin. An tríú rud ná stair na gluaiseachta. Má bhí fuath ag lucht na cumhachta dúinn, bhí neart samplaí de sin i stair na hÉireann. Nár chaith muintir Átha Cliath seileog le lucht an Éirí Amach? Nach raibh gach nuachtán sa tír go hiomlán i gcoinne Chogadh na Saoirse? Nár throid lucht bunaithe Fhianna Fáil in aghaidh an tSaorstáit chomh maith? Ní raibh le déanamh againn ach sracfhéachaint a thabhairt ar stair na hÉireann, agus bhí cuma ar an scéal go raibh an stair ag tacú lenár seasamh féin. Agus an ceathrú rud a choinnigh ag gabháil muid ná ceannairí polaitiúla Shinn Féin. Bhí daoine maithe éirimiúla in ann seasamh os comhair an domhain mhóir agus a chur in iúl gur cogadh ceart agus cóir a bhí againn anseo, daoine ar nós Ghearóid Mhic Adhaimh, Mháirtín Mhic Aonghusa agus Danny Morrison.

Ach d’imigh an cogadh agus tháinig an tsíocháin. Chaill mé féin muinín sa chogaíocht i bhfad sula raibh aon sos cogaidh ann. Stad mé de bheith ag tacú leis an chogadh, as mo stuaim féin. Bhí cuid de na hionsaithe deireanacha a rinne Óglaigh na hÉireann sna nóchaidí chomh holc, agus chomh míchiallmhar, agus chomh dochosanta agus a bhí na hionsaithe a tharla tá seachtain ó shin anois. Is cuimhin liom ball amháin den RUC á mharú os comhair a mhná céile sa teach tábhairne, agus í ag súil lena leanbh. Bhí muid ag cailliúint ár ndaonnachta mar gheall ar an ‘chogadh fada’.

Creidim i síocháin, ach ní haon síochánaí mé. Tá mé glan in aghaidh ionsaithe den chineál a tharla an tseachtain seo caite. Ach an bhfuil tosca polaitiúla ann ina dtiocfaí dul ar ais i mbun cogaíochta agus a mhaíomh go bhfuil sé ceart sin a dhéanamh? Ní haon am é seo le bheith ag caint ar philleadh chun cogaíochta, is dócha. Tá súil agam go bhfuil deireadh leis an chogaíocht in Éirinn. Ach is fiú ceist amháin a chur; dá vótálfadh tromlach na Sé Chontae ar son Éire Aontaithe, agus dá séanfadh Rialtas na Breataine ár gceart daonlathach orainn mar phobal, le foréigean, an mbeadh sé ceart an cinneadh daonlathach sin a chosaint go míleata? Níor mhaith liom go dtarlódh cogadh sa chás sin, agus bheinn ag súil go mbeadh glacadh go forleathan leis an vóta agus go mbeadh go leor cearta ag an phobal aontachtach le go bhfeicfidís nach aon ifreann é Éire Aontaithe, ach sin an cineál comhthéacs a bheadh de dhíth sula mbeadh aon tacaíocht ann don chogaíocht arís: is é sin, cosaint an daonlathais. Bheadh sin díreach cosúil le Cogadh na Saoirse i 1919. Cé gur gníomh mídhaonlathach an chríochdheighilt, níor éirigh linn deireadh a chur léi leis an lámh láidir. Beidh orainn an tír a athaontú ar bhealaí eile amach anseo.

Ach caithfidh mé a rá nach n-aontaím le Máirtín Mac Aonghusa nuair a deir sé gur ‘tréas’ a bhí sna hionsaithe seo seachtain ó shin. Tá an cineál sin cainte ag dul thar fóir ar fad, agus níl sé cruinn. Tuigim go maith an brú idirnáisiúnta a bhí air. Ach bhí rud éigin bréagach agus mínádúrtha faoi, go háirithe iad ag teacht ó dhuine a thug tacaíocht don IRA i rith na tréimhse inar tharla eachtraí ar nós bhuamáil Inis Ceithleann, nuair a bhíodh daoine á marú gach seachtain, cuid mhór acu gan aon bhaint nó páirt acu le rud ar bith. Shílfeá go mbeadh sé doiligh seasamh os comhair Stormont agus na foclaí sin a rá, agus ansin dul chuig ócáid chuimhneacháin le cuimhne a dhéanamh ar chrógacht daoine eile a rinne an rud céanna. An bhfuil an oiread sin de dhifear idir Éire roimh an GFA agus Éire i ndiaidh an GFA go dtig linn a rá gur rud réabhlóideach an gníomh sin a dhéanamh roimh GFA, agus gur ‘tréas’ é a dhéanamh i ndiaidh GFA? Ní chreidim é. Má bhí sé contráilte seachtain ó shin, is féidir le daoine a mhaíomh go raibh sé contráilte 20 bliain ó shin chomh maith. B’fhéidir gur chóir do Mháirtín Mac Aonghusa ceist eile a chur air féin, ceist a chur W. B. Yeats air féin cuid mhór blianta ó shin: ‘Did that play of mine send out certain men the English shot?’ Creideann cuid de na ‘heasaontóirí’ seo go bhfuil siad ag leanstan ar aghaidh leis an dearcadh agus leis an chur chuige a bhronn sean-IRA na seachtóidí is na n-ochtóidí orainn, agus gur muidne atá ciontach as ‘tréas’ a dhéanamh. Dálta an Raghailleach san Éirí Amach 1916, chuidigh muid uilig leis an chlog a thochras, ach chan ionann agus an Raghailleach, níl muid ag iarraidh é a chluinstin ag bualadh níos mó.

Ba chóir do na poblachtánaigh seo éirí as an lámh láidir láithreach. Muna n-éiríonn, ní bheidh rompu ar an saol seo ach an bás, an príosún agus an t-éadóchas le himeacht ama. Tá barraíocht oibre le déanamh chun an tír seo a athaontú, chun an cuspóir sin a chothú i measc an phobail, chun ár bpáistí a thógáil in Éirinn atá bródúil aisti féin agus atá Gaelach agus oscailte san aon am amháin, chun cur lenár saoránacht Éireannach de réir a chéile, agus chun lámh an chairdis a thairiscint dár gcomharsana aontachtach.

Caithfidh muid an chríochdheighilt a mharú le cineáltas, chan leis an chogaíocht.

Ag obair sa tseirbhís phoiblí

Feabhra 20, 2009

Tá mé féin ag obair sa tseirbhís phoiblí sa chuid sin d’Éirinn atá measartha saor ó riail agus ó dhlí Shasana.  D’éist mé go cúramach leis an Taoiseach tá roinnt seachtainí ó shin nuair a chuir sé a lámha isteach i mo phócaí agus bhain amach slám mór airgid… bhuel, ní slám mór mar a thuigeann na baincéirí an téarma sin, ach slám mór go leor domsa agus do mo chlannsa. San iomlán anois, tá thart fá 10% bainte de mo thuarastal, idir an tobhach 1%, an tobhach pinsin, agus an tarraingt siar ón gheallúint chun ardú páighe a thabhairt dúinn i mí Mheán Fómhair.

Tá cuid mhór daoine sa tseirbhís phoiblí an-mhíshásta leis seo ar fad. Anois, níl mé ag rá anseo nach bhfuil mise míshásta… ach ní éirím tógtha fá chúrsaí airgid. Bhí mé beo ar £1.83 sa tseachtain nuair a bhí mé sa Cheis Fhada agus chuaigh cuid den bheagán sin isteach i bpota lárnach le híoc as go leor rudaí eile… tobac fá choinne lucht caite tobac san áireamh, rud a chuireadh isteach ormsa i dtólamh.

Ach go ginearálta, ní bheidh mise róbhuartha faoi aon chúlú eacnamaíochta a fhad is nach gcuireann sé isteach ar thrí rud: soláthar bia, soláthar éadaí, agus dídean de chineál éigin. A fhad is go mbíonn na trí ní seo ag mo theaghlach, ní éireoinn róbhuartha fá rud ar bith eile.

Déarfainn gur cumannach nó sóisialach mé i mo chuid polaitíochta, ach ní fheicim féin aon chiall le stailc sa tseirbhís phoiblí san am i láthair. Tá breis agus míle duine ag cailliúint postanna gach lá den tseachtain. Tá daoine eile curtha ar uaireanta níos lú sa tseachtain. Tá cuid de mo chomhleacaithe féin, daoine ar conradh nach bhfuiltear lena n-athnuachaint, i ndiaidh bheith ligthe chun bealaigh.  Tá gearradh siar ar pháighe na ndaoine sin atá ar theacht isteach íseal cheana féin. Sin na daoine a bhfuil mise buartha fúthu. Dá mbeadh stailc ann le seasamh taobh le taobh leis na daoine sin, mé féin an chéad duine amuigh ar an tsráid, cinnte.

Aontaím leis na pointí atá déanta ag na Ceardchumainn gur chóir go mbeadh Comh-Shocrú Sóisialta ann idir an Rialtas, An Lucht Gnó, agus an Lucht Oibre. Ach ní sin an rud atá i gceist ag cuid mhór daoine sa tseirbhís phoiblí. Is é an rud is mó atá ag dó na geirbe acu ná ‘an tobhach’ agus a gcuid cailliúintí féin. Níl aon amhras ach go mbeidh brú mór airgid ar chuid acu mar gheall ar an tobhach  seo. Beidh brú orainn uilig. Fiú má bhíonn Comh-Shocrú de chineál éigin ann, sílim féin go mbeidh i bhfad níos mó eile le gearradh siar amach anseo… beidh an chuid is mó againn sásta pilleadh ar laethanta an tobhaigh seo faoin am a bheas seo uilig thart.

Ach ní shílim go bhfuil mórán tuisceana sa tseirbhís phoiblí ar an saol oibre taobh amuigh de bhallaí slána sábháilte na fostaíochta buaine (sin má tá aon rud slán sábháilte, i ndáiríre).

Bhí mé féin i mo shiúinéir nuair a bhí mé óg. Is cuimhin liom an obair chrua sin go fóill, anglach i mo lámha leis an fhuacht, ag éirí ar 6.30 ar maidin, fliuch báite, lá a chaitheamh ar láithreán gan fiú leithreas le fáil, saoiste éigin ag guldaráil leat, an clúdach beag tanaí ag deireadh na seachtaine… £32 punt sa tseachtain a d’fhaighinnse ag tús na n-ochtóidí. Fiú ansin, ba bheag an méid é. Dá mbeifeá tinn, chaillfeá lá páighe. Is beag lá saor a bhíodh againn… deich lá sa samhradh agus cúpla lá i rith na Nollag.  Anois tá post agam atá measartha buan. Tá teas lárnach ann. Tosaím ar a 9 a chlog. Bíonn leisc ar éinne guldaráil ar eagla go gcuirfear cás bulaíochta ina gcoinne. Tá meáchan éigin leis an chlúdach ag deireadh na seachtaine. Tá buaineacht éigin leis an fhostaíocht.

Mar sin de, tá sé iontach doiligh domsa léim amach ar an tsráid róluath. Ní bhrisfinn líne stailce ar bith, cinnte, ach tá go leor oibrithe eile amuigh ansin a bhfuil cás níos láidre acu ar chearta agus ar thacaíocht ná mar atá againne.

Ba cheart go mbeadh agóid ann i gcoinne lucht baincéireachta amháin, agus i gcoinne na bpolaiteoirí a d’oibrigh as lámh a chéile leo leis an tír a scriosadh. Tá glantachán earraigh de dhíth ar an chóras polaitiúil agus ar an chóras soch-eacnamaíochta sa tír seo. Mábhí an phobalbhreith a rinne an Irish Times ar na mallaibh cruinn agus beacht maidir le meon an phobail, is féidir go bhfuil tús curtha leis an ghlantachán cheana féin. Má chuidíonn agóidí na gceardchumann leis an ghlantachán sin, tacóidh mise leis, ach má shílimse nach bhfuil ann ach santachas ar leibhéal níos ísle, ní bheidh baint ná páirt agam leis.

Oíche Mhór sna Dúnaibh

Samhain 29, 2008
Cuid den slua ag baint taitnimh as an oiche sna Dúnaibh

Cuid den slua ag baint taitnimh as an oíche sna Dúnaibh

Bhí oíche den chéad scoth agam féin, mo bhean chéile agus an bheirt iníonacha in Óstán na Trá sna Dúnaibh i dTír Chonaill aréir. Bhí ceol againn ó leithéidí Seán Mac Corraidh, Aodh Mac Ruaidhrí, agus Máire Ní Choilm. Ansin bhí dráma teaghlaigh againn le Clann Pasoma agus bhí na páistí sa dráma sin ar fheabhas… scríofa ag Proinsias Ó Cuilinn go háitiúil. Thug clann Uí Shibhleáin (Niamh agus Gavin) taispeántais damhsa a bhain croitheadh as urlár an tí. Ansin bhí sé in am ag na seanbhoic taispeántas drámaíochta a dhéanamh, agus fágadh an lucht féachana sna trithí ag gáire ó thús go deireadh an dráma beag leathuaire ‘Sínte’, dráma de chuid Mhícheáil Uí Thuairisc, Gaillimh, agus é curtha in oiriúint agus léirithe ag Proinsias Ó Cuilinn, agus curtha i láthair ag Aisteoirí Mhíobhaigh. Bhí blaiseadh beag den fhilíocht againn chomh maith ó Colette Ní Ghallchóir a léigh as cnuasach dánta dá cuid féin. Bhí dhá agallamh beirte ar an ardán chomh maith.

Bhí scaifte breá i láthair, muintir na háite, Béalfeirstigh agus Rannafeirstigh, agus achan chearn de Chúige Uladh agus níos faide anonn.

Nuair a bhí deireadh leis an oíche, bhí tús úr leis an oíche. Bhailigh achan duine isteach sa bheár béal dorais agus bhí idir amhránaíocht, feadóga, boscaí, giotair, fidilí, bainseó agus neart eile le ceol a choinneáil sa chomhluadar go maidin.

Tragóid i gCuimhne

Samhain 26, 2008

ealain-caroline-mcelhill1Is doiligh a chreidbheáil go bhfuil breis agus bliain istigh ó fuair teaghlach iomlán McElhill bás i dtine tí ar an Ómaigh. Creidtear gurb é a n-athair Arthur McElhill a chuir tús leis an tine d’aonghnó. Gach uair a smaoiním ar bhomaití deireanacha na bpáistí beaga sin, cúigear acu, agus ar an chailín is sine acu Caroline, agus an phaidrín i lámh amháin aici agus guthán póca sa lámh eile, cuireann sé ar seachrán mé. Nuair a smaoiním ar a mhac óg, ag cuidiú lena athair an peitreal a iompar isteach sa teach cúpla lá roimh an ionsaí tragóideach, agus gan a fhios aige cad é a bhí ag dul ar aghaidh ach é ag iarraidh cuidiú lena athair mar a dhéanfadh aon mhac óg go bródúil, is beag nach dtéim as mo chrann taca le fearg agus mearbhall. Ábhar sóláis don anam é an obair ealaíne atá déanta ag cairde scoile Caroline, bliain i ndiaidh a básaithe, agus atá ar crochadh i bhforhalla na scoile i gcuimhne uirthi. Seasann daonnacht a cairde amach in aghaidh neamhdhaonnacht an duine a rinne an drochghníomh seo, nach féidir a mhaitheamh go deo.