Cogadh gan Chiall?


Mhúscáil eachtraí na seachtaine seo caite muintir na hÉireann as a suan polaitiúil maidir le ceist achrannach dhochloíte na Sé Chontae. Shíl gach duine go raibh deireadh, a bheag nó a mhór, leis an ghníomh míleata sa taobh seo tíre, agus cé gur tuigeadh gurb ann do leithéidí CIRA agus RIRA go fóill, measadh leis go raibh siad mí-éifeachtach toisc iad a bheith róbheag agus róscaipthe, ar easpa taithí, sáite sa síor-aighneas inmheánach, lagaithe ag brathadóirí agus spiairí, agus an lámh in uachtar ag an PSNI orthu ar fad. Ach tharraing siad aird na tíre agus aird an domhain orthu féin leis an dá ghníomh míleata seo, inár maraíodh beirt shaighdiúirí Sasanacha agus ball den PSNI taobh istigh de 24 uair an chloig. Má bhí sé de chuspóir ag lucht na n-ionsaithe muid uilig a mhúscailt, an tír a chur ag caint agus ainm na hÉireann a chur i mbéal an phobail idirnáisiúnta arís eile, is féidir a mhaíomh gur éirigh leo sa mhéid sin.

Thóg na hionsaithe seo ceist mhór i m’intinn féin. Is poblachtánach mé. Thacaigh mé le hÓglaigh na hÉireann ón bhliain 1981, i ndiaidh dom freastal ar roinnt léirsithe ar son na stailceoirí ocrais sa Cheis Fhada, agus cruapholasaí Thatcher mo ghríosadh an t-am ar fad. Roimhe sin, ba bheag baint nó am a bhí agam do Ghluaiseacht na Poblachta. Bhí mé óg, sé bliana déag in 1980, agus mé i mo chónaí anseo ar an Srath Bán i gContae Thír Eoghain. De réir a chéile, bhog mé i dtreo na cogaíochta agus chuaigh mé isteach in Óglaigh na hÉireann. Caithfidh mé a admháil nár éirigh go rómhaith liom ag an tsaighdiúracht ach rinne mé go leor le go gcuirfeadh Seán Buí dhá théarma phríosúnachta orm. Diomaite de thrí mhí an-ghairide, chaith mé m’óige i ngéibheann ó bhí mé 19 mbliana go dtí go raibh mé 32 bliain d’aois. Ní haon seal gairid é sin i saol aon duine. Agus bhí go leor eile sa bhád chéanna liom. Na céadta. Na mílte.

Cad é a choinnigh ag gabháil muid? Ceithre rud. Uimhir a haon, brúidiúlacht an RUC agus Arm na Breataine an chéad rud a choinnigh an díograis ionainn. Ba doiligh trua ar bith a bheith againn dóibh nuair a d’amharc muid ar na hionsaithe a rinne siad ar thórraimh ár gcomrádaithe, agus an dóigh a gcuirídís fiche nó tríocha piléar istigh in Óglach gan aon arm ina sheilbh aige. An dara rud, tacaíocht ónár bpobal féin. Bhíodh daoine i gcónaí ag cur ár dtuairisce lenár muintir, thugaidís cuairt orainn go minic, scríobhaidís litreacha, agus fiú shiúlaidís na sráideanna ar ár son. B’ionann cime ag teacht amach as an phríosún anseo ar an tSrath Bán agus saighdiúr in Arm na hÉireann ag teacht abhaile ón Liobáin. An tríú rud ná stair na gluaiseachta. Má bhí fuath ag lucht na cumhachta dúinn, bhí neart samplaí de sin i stair na hÉireann. Nár chaith muintir Átha Cliath seileog le lucht an Éirí Amach? Nach raibh gach nuachtán sa tír go hiomlán i gcoinne Chogadh na Saoirse? Nár throid lucht bunaithe Fhianna Fáil in aghaidh an tSaorstáit chomh maith? Ní raibh le déanamh againn ach sracfhéachaint a thabhairt ar stair na hÉireann, agus bhí cuma ar an scéal go raibh an stair ag tacú lenár seasamh féin. Agus an ceathrú rud a choinnigh ag gabháil muid ná ceannairí polaitiúla Shinn Féin. Bhí daoine maithe éirimiúla in ann seasamh os comhair an domhain mhóir agus a chur in iúl gur cogadh ceart agus cóir a bhí againn anseo, daoine ar nós Ghearóid Mhic Adhaimh, Mháirtín Mhic Aonghusa agus Danny Morrison.

Ach d’imigh an cogadh agus tháinig an tsíocháin. Chaill mé féin muinín sa chogaíocht i bhfad sula raibh aon sos cogaidh ann. Stad mé de bheith ag tacú leis an chogadh, as mo stuaim féin. Bhí cuid de na hionsaithe deireanacha a rinne Óglaigh na hÉireann sna nóchaidí chomh holc, agus chomh míchiallmhar, agus chomh dochosanta agus a bhí na hionsaithe a tharla tá seachtain ó shin anois. Is cuimhin liom ball amháin den RUC á mharú os comhair a mhná céile sa teach tábhairne, agus í ag súil lena leanbh. Bhí muid ag cailliúint ár ndaonnachta mar gheall ar an ‘chogadh fada’.

Creidim i síocháin, ach ní haon síochánaí mé. Tá mé glan in aghaidh ionsaithe den chineál a tharla an tseachtain seo caite. Ach an bhfuil tosca polaitiúla ann ina dtiocfaí dul ar ais i mbun cogaíochta agus a mhaíomh go bhfuil sé ceart sin a dhéanamh? Ní haon am é seo le bheith ag caint ar philleadh chun cogaíochta, is dócha. Tá súil agam go bhfuil deireadh leis an chogaíocht in Éirinn. Ach is fiú ceist amháin a chur; dá vótálfadh tromlach na Sé Chontae ar son Éire Aontaithe, agus dá séanfadh Rialtas na Breataine ár gceart daonlathach orainn mar phobal, le foréigean, an mbeadh sé ceart an cinneadh daonlathach sin a chosaint go míleata? Níor mhaith liom go dtarlódh cogadh sa chás sin, agus bheinn ag súil go mbeadh glacadh go forleathan leis an vóta agus go mbeadh go leor cearta ag an phobal aontachtach le go bhfeicfidís nach aon ifreann é Éire Aontaithe, ach sin an cineál comhthéacs a bheadh de dhíth sula mbeadh aon tacaíocht ann don chogaíocht arís: is é sin, cosaint an daonlathais. Bheadh sin díreach cosúil le Cogadh na Saoirse i 1919. Cé gur gníomh mídhaonlathach an chríochdheighilt, níor éirigh linn deireadh a chur léi leis an lámh láidir. Beidh orainn an tír a athaontú ar bhealaí eile amach anseo.

Ach caithfidh mé a rá nach n-aontaím le Máirtín Mac Aonghusa nuair a deir sé gur ‘tréas’ a bhí sna hionsaithe seo seachtain ó shin. Tá an cineál sin cainte ag dul thar fóir ar fad, agus níl sé cruinn. Tuigim go maith an brú idirnáisiúnta a bhí air. Ach bhí rud éigin bréagach agus mínádúrtha faoi, go háirithe iad ag teacht ó dhuine a thug tacaíocht don IRA i rith na tréimhse inar tharla eachtraí ar nós bhuamáil Inis Ceithleann, nuair a bhíodh daoine á marú gach seachtain, cuid mhór acu gan aon bhaint nó páirt acu le rud ar bith. Shílfeá go mbeadh sé doiligh seasamh os comhair Stormont agus na foclaí sin a rá, agus ansin dul chuig ócáid chuimhneacháin le cuimhne a dhéanamh ar chrógacht daoine eile a rinne an rud céanna. An bhfuil an oiread sin de dhifear idir Éire roimh an GFA agus Éire i ndiaidh an GFA go dtig linn a rá gur rud réabhlóideach an gníomh sin a dhéanamh roimh GFA, agus gur ‘tréas’ é a dhéanamh i ndiaidh GFA? Ní chreidim é. Má bhí sé contráilte seachtain ó shin, is féidir le daoine a mhaíomh go raibh sé contráilte 20 bliain ó shin chomh maith. B’fhéidir gur chóir do Mháirtín Mac Aonghusa ceist eile a chur air féin, ceist a chur W. B. Yeats air féin cuid mhór blianta ó shin: ‘Did that play of mine send out certain men the English shot?’ Creideann cuid de na ‘heasaontóirí’ seo go bhfuil siad ag leanstan ar aghaidh leis an dearcadh agus leis an chur chuige a bhronn sean-IRA na seachtóidí is na n-ochtóidí orainn, agus gur muidne atá ciontach as ‘tréas’ a dhéanamh. Dálta an Raghailleach san Éirí Amach 1916, chuidigh muid uilig leis an chlog a thochras, ach chan ionann agus an Raghailleach, níl muid ag iarraidh é a chluinstin ag bualadh níos mó.

Ba chóir do na poblachtánaigh seo éirí as an lámh láidir láithreach. Muna n-éiríonn, ní bheidh rompu ar an saol seo ach an bás, an príosún agus an t-éadóchas le himeacht ama. Tá barraíocht oibre le déanamh chun an tír seo a athaontú, chun an cuspóir sin a chothú i measc an phobail, chun ár bpáistí a thógáil in Éirinn atá bródúil aisti féin agus atá Gaelach agus oscailte san aon am amháin, chun cur lenár saoránacht Éireannach de réir a chéile, agus chun lámh an chairdis a thairiscint dár gcomharsana aontachtach.

Caithfidh muid an chríochdheighilt a mharú le cineáltas, chan leis an chogaíocht.

Advertisements
Explore posts in the same categories: Uncategorized

One Comment ar “Cogadh gan Chiall?”

  1. MiseÁine Says:

    Go raibh maith agat as na tuairimí agus na smaointe sin a roinnt linn. Ní polaiteoir mise, agus níl aon baint agam leis an bpolaitíocht, ach is maith liom eolas an ábhair a fháil uatha siúd ag a bhfuil an taithí; na daoine a bhí ann ag an am. Cuidíonn sé liom agus mé ag iarraidh tuiscint a fháil ar na rudaí nach dtuigim go minic.


Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s


Molann %d blagálaí é seo: