Ag obair sa tseirbhís phoiblí

Tá mé féin ag obair sa tseirbhís phoiblí sa chuid sin d’Éirinn atá measartha saor ó riail agus ó dhlí Shasana.  D’éist mé go cúramach leis an Taoiseach tá roinnt seachtainí ó shin nuair a chuir sé a lámha isteach i mo phócaí agus bhain amach slám mór airgid… bhuel, ní slám mór mar a thuigeann na baincéirí an téarma sin, ach slám mór go leor domsa agus do mo chlannsa. San iomlán anois, tá thart fá 10% bainte de mo thuarastal, idir an tobhach 1%, an tobhach pinsin, agus an tarraingt siar ón gheallúint chun ardú páighe a thabhairt dúinn i mí Mheán Fómhair.

Tá cuid mhór daoine sa tseirbhís phoiblí an-mhíshásta leis seo ar fad. Anois, níl mé ag rá anseo nach bhfuil mise míshásta… ach ní éirím tógtha fá chúrsaí airgid. Bhí mé beo ar £1.83 sa tseachtain nuair a bhí mé sa Cheis Fhada agus chuaigh cuid den bheagán sin isteach i bpota lárnach le híoc as go leor rudaí eile… tobac fá choinne lucht caite tobac san áireamh, rud a chuireadh isteach ormsa i dtólamh.

Ach go ginearálta, ní bheidh mise róbhuartha faoi aon chúlú eacnamaíochta a fhad is nach gcuireann sé isteach ar thrí rud: soláthar bia, soláthar éadaí, agus dídean de chineál éigin. A fhad is go mbíonn na trí ní seo ag mo theaghlach, ní éireoinn róbhuartha fá rud ar bith eile.

Déarfainn gur cumannach nó sóisialach mé i mo chuid polaitíochta, ach ní fheicim féin aon chiall le stailc sa tseirbhís phoiblí san am i láthair. Tá breis agus míle duine ag cailliúint postanna gach lá den tseachtain. Tá daoine eile curtha ar uaireanta níos lú sa tseachtain. Tá cuid de mo chomhleacaithe féin, daoine ar conradh nach bhfuiltear lena n-athnuachaint, i ndiaidh bheith ligthe chun bealaigh.  Tá gearradh siar ar pháighe na ndaoine sin atá ar theacht isteach íseal cheana féin. Sin na daoine a bhfuil mise buartha fúthu. Dá mbeadh stailc ann le seasamh taobh le taobh leis na daoine sin, mé féin an chéad duine amuigh ar an tsráid, cinnte.

Aontaím leis na pointí atá déanta ag na Ceardchumainn gur chóir go mbeadh Comh-Shocrú Sóisialta ann idir an Rialtas, An Lucht Gnó, agus an Lucht Oibre. Ach ní sin an rud atá i gceist ag cuid mhór daoine sa tseirbhís phoiblí. Is é an rud is mó atá ag dó na geirbe acu ná ‘an tobhach’ agus a gcuid cailliúintí féin. Níl aon amhras ach go mbeidh brú mór airgid ar chuid acu mar gheall ar an tobhach  seo. Beidh brú orainn uilig. Fiú má bhíonn Comh-Shocrú de chineál éigin ann, sílim féin go mbeidh i bhfad níos mó eile le gearradh siar amach anseo… beidh an chuid is mó againn sásta pilleadh ar laethanta an tobhaigh seo faoin am a bheas seo uilig thart.

Ach ní shílim go bhfuil mórán tuisceana sa tseirbhís phoiblí ar an saol oibre taobh amuigh de bhallaí slána sábháilte na fostaíochta buaine (sin má tá aon rud slán sábháilte, i ndáiríre).

Bhí mé féin i mo shiúinéir nuair a bhí mé óg. Is cuimhin liom an obair chrua sin go fóill, anglach i mo lámha leis an fhuacht, ag éirí ar 6.30 ar maidin, fliuch báite, lá a chaitheamh ar láithreán gan fiú leithreas le fáil, saoiste éigin ag guldaráil leat, an clúdach beag tanaí ag deireadh na seachtaine… £32 punt sa tseachtain a d’fhaighinnse ag tús na n-ochtóidí. Fiú ansin, ba bheag an méid é. Dá mbeifeá tinn, chaillfeá lá páighe. Is beag lá saor a bhíodh againn… deich lá sa samhradh agus cúpla lá i rith na Nollag.  Anois tá post agam atá measartha buan. Tá teas lárnach ann. Tosaím ar a 9 a chlog. Bíonn leisc ar éinne guldaráil ar eagla go gcuirfear cás bulaíochta ina gcoinne. Tá meáchan éigin leis an chlúdach ag deireadh na seachtaine. Tá buaineacht éigin leis an fhostaíocht.

Mar sin de, tá sé iontach doiligh domsa léim amach ar an tsráid róluath. Ní bhrisfinn líne stailce ar bith, cinnte, ach tá go leor oibrithe eile amuigh ansin a bhfuil cás níos láidre acu ar chearta agus ar thacaíocht ná mar atá againne.

Ba cheart go mbeadh agóid ann i gcoinne lucht baincéireachta amháin, agus i gcoinne na bpolaiteoirí a d’oibrigh as lámh a chéile leo leis an tír a scriosadh. Tá glantachán earraigh de dhíth ar an chóras polaitiúil agus ar an chóras soch-eacnamaíochta sa tír seo. Mábhí an phobalbhreith a rinne an Irish Times ar na mallaibh cruinn agus beacht maidir le meon an phobail, is féidir go bhfuil tús curtha leis an ghlantachán cheana féin. Má chuidíonn agóidí na gceardchumann leis an ghlantachán sin, tacóidh mise leis, ach má shílimse nach bhfuil ann ach santachas ar leibhéal níos ísle, ní bheidh baint ná páirt agam leis.

Advertisements
Explore posts in the same categories: Uncategorized

One Comment ar “Ag obair sa tseirbhís phoiblí”

  1. aonghus Says:

    Píosa fiúntach!

    Bestizstandswaehrung – seilbh a choinnéail ar am méid atá agat – a thugann na Gearmáinigh ar an meon seo, agus tá sé intuigthe. Ach is dóigh liom go ndeanfaí an dochar don beagán measa atá fagtha ar oibrithe san seirbhís poiblí má bhíonn stailc ann.

    Tuigim a bhfearg áfach – tá an cuma ar an scéal gur ar na daoine is ísle céim san seirbhís atá an t-ualach (coibhneasta) is troime ag titim.


Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s


Molann %d blagálaí é seo: