An Chéad Dáil

Shocraigh mé féin is mo bhean na cailíní a thabhairt go Teach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath Dé Céadaoin seo caite le freastal ar an cheiliúradh 90 bliain den Chéad Dáil, a tionóladh ar an 21 Eanáir, 1919. Sinn Féineach atá i mo bheansa, poblachtánach mise nach dtig iomlán tacaíochta a thabhairt d’aon pháirtí polaitiúil níos mó, suim mhór ag an iníon is sine againn i gcúrsaí a bhaineann le stair na hÉireann, agus suim de chineál éigin ag an chailín is óige nuair a thig léi a cloigeann a thógáil ón Nintendo DS agus Super Mario.

Bhí muid rud beag mall don turas staire a reáchtáladh i rith an lae, ach bhí taispeántas breá ar siúl sa Seomra Cruinn; íomhánna de James Connolly, Constance Markievicz, Mairéad Farrell, Bobby Sands srl thart ar aghaidh na balcóine, painéil taispeántais agus scéal thuras na poblachta ón Chéad Dáil go dtí an lá inniu, agus físeán ar siúl ar an scáileán mór ar an ardán ar a raibh íomhánna ón tréimhse sin i stair na tíre seo. Casadh roinnt Gael-comrádaithe orainn, agus sin ceann de na rudaí is mó a thaitníonn liom faoi imeachtaí den chineál seo.

Mary Lou McDonald a bhí ina Bhean an Tí ar an ócáid. Lena ceart a thabhairt di, rinne sí sár-iarracht Gaeilge a labhairt ó am go chéile, agus tá súil agam go gcuirfidh sí leis sin amach anseo. Rinne ceathrar aisteoirí scéal na Chéad Dála a aithris ansin, agus chuidigh sé le blas a thabhairt dúinn uilig ar atmaisféar na tréimhse sin, agus ar thábhacht na tréimhse sin. Léadh os ard An Fhaisnéis Neamhspleádhchuis, Scéal ó Dháil Éireann Chum Saor-Náisiúin an Domhain, agus An Clár Oibre Poblachtánaighe. Bhí na ráitis seo, chomh maith le Forógra Shinn Féin agus Forógra an Éirí Amach, uilig le fáil sa phacáiste beag a bhí ar fáil mar chuimhneachán ar an ócáid ar chostas réasúnta €10.

Bhí an halla plódaithe, agus dúradh linn go raibh cúpla céad duine eile taobh amuigh nach mbeadh faill isteach acu de dheasca cúrsaí sláinte agus sábháilteachta. Mhothaigh mé féin rud beag ciontach mar nach ball den pháirtí mé níos mó agus go raibh oibrithe páirtí fágtha taobh amuigh, ach ba mhór agam go gcluinfeadh mo pháistí fá dtaobh den tréimhse seo. Rinne Caoimhín Ó Caoláin portráid de James Connolly a bhronnadh ar Jack O’ Connor, ceannaire an cheardchumainn SIPTU a raibh baint ag James Connolly leis, agus a bunaíodh céad bliain ó shin. Dúirt Jack O’Connor gurb é Sinn Féin an t-aon pháirtí amháin a rinne a leithéid de bhronnadh. Thug sé óráid den chéad scoth uaidh ina dhiaidh sin, ag déanamh tagairt don chaidreamh idir poblachtánaigh agus ionadaithe lucht oibre san anallód, agus ag déanamh tagairt do chúrsaí eacnamaíochta agus polaitíochta an lae inniu. Cháin sé na meáin chumarsáide as an treo ina raibh an díospóireacht á chur acu, ag díriú ar chiorruithe i measc oibrithe na seirbhíse poiblí agus oibrithe eile san earnáil phríobháideach gan oiread is ceist amháin a thógáil fán mhéid a ba chóir do lucht an rachmais a íoc le muid a fhuascailt ón tsáinn ina bhfuil muid.

Bhí cúpla amhrán againn ansin, ní cuimhin liom ainm na mná a cheol. ‘James Connolly’ ar dtús. Bhí rud beag díoma ar na cailíní nár ceoladh ‘Óró sé do Bheatha ‘Bhaile’ chomh maith, mar a bhí fógartha ar an chlár. Tá an t-amhrán sin ina Amhrán Náisiúnta sa teach seo. Chuir mo iníon is sine Grian suim mhór sa bhronnadh a rinneadh ar na mná atá ina n-ionadaithe polaitiúla ag an pháirtí, bonn Chumann na mBan.

Ansin cuireadh fáilte roimh Ghearóid Mac Ádhaimh. Ba léir go raibh sé tuirseach go fóill ón turas eitleáin as na Stáit Aontaithe, ach chuir mé suim sa mhéid a bhí le rá aige faoi chuspóirí na Chéad Dála a chur i gcrích, agus béim níos mó a chur ar ath-aontú na tíre agus díospóireacht a thoiseacht faoi ath-aontú na tíre. Caithfidh mise a admháil gur chaill mé féin dóchas agus muinín i Sinn Féin nuair a rinneadh ciolar chiot díobh ag cainteanna Chill Rímhinn, i mo bharúil féin, ciolar chiot a bhfuil siad ag íoc go daor as go fóill. Cuireadh gach uibh dá gcuid isteach i mbascaed ‘an phróisis’ agus i mbascaed ‘athbhunú an fheidhmeannais ó thuaidh’. Níl le déanamh ach amharc as chás Acht na Gaeilge leis an ‘chiolar chiot’ a fheiceáil, agus sin ceann de na coimitmintí is láidre a fuair Sinn Féin ag Cill Rímhinn.

Ach san am céanna, má dhíríonn siad níos mó ar cheist Ath-Aontú na hÉireann, má dhíríonn siad ar dhlí agus chumhacht Shasana a ruaigeadh as an chuid seo den tír, níl an cath caillte go fóill. Is maith liom féin go bhfuil béim á cur fosta ar dhíospóireacht a thoiseacht leis an phobal aontachtach lena n-áit insan tír seo a phlé leo, le iad a mhealladh, fiú mura mbeidh muid in ann iad a mhealladh sa ghearrthréimhse. Caithfidh muid a bheith in ann an traidisiún Oráisteach a thabhairt isteach mar chuid de thraidisiún na hÉireann, agus ciallaíonn sin go gcaithfidh muid ár n-intinn a oscailt. San am céanna, caithfidh muid ár cuid poblachtánachais a fhógairt go bródúil, agus dearmad a dhéanamh ar an phlámas folamh polaitiúil seo ‘the process’ ‘the executive’ ‘moving things forward’ ‘and all of that’ ‘change’. An dtig le Sinn Féin a bheith radacach arís, agus an radacachas sin a mheascadh le réasúntacht? Más é an chéad chéim sa treo sin ráiteas Mhic Aonghusa i nDoire inné, ag cruinniú Uile-Éireann an dá stát anseo, go bhfuil an chríochdheighilt chomh neamh-inghlactha leis an seicteachas agus leis an chiníochas, bhuel, is tús maith é.

Cibé locht a bheadh agam ar Shinn Féin, tá rud amháin soiléir doshéanta. Gan iad, ní dhéanfaí ceiliúradh ar chuid mhór d’imeachtaí stairiúla na tíre seo, mar a rinne siad Dé Céadaoin ar an Chéad Dáil. Mar a dúirt Caoimhín Ó Caoláin, fear a d’fhreastail ar an dá lá: ‘Inné, d’fhreastail mé ar ócáid le cuimhneamh a dhéanamh ar an Chéad Dáil, anocht is ag Ceiliúradh atá mé!”

Advertisements
Explore posts in the same categories: Dialann

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s


Molann %d blagálaí é seo: