Tragóid i gCuimhne

ealain-caroline-mcelhill1Is doiligh a chreidbheáil go bhfuil breis agus bliain istigh ó fuair teaghlach iomlán McElhill bás i dtine tí ar an Ómaigh. Creidtear gurb é a n-athair Arthur McElhill a chuir tús leis an tine d’aonghnó. Gach uair a smaoiním ar bhomaití deireanacha na bpáistí beaga sin, cúigear acu, agus ar an chailín is sine acu Caroline, agus an phaidrín i lámh amháin aici agus guthán póca sa lámh eile, cuireann sé ar seachrán mé. Nuair a smaoiním ar a mhac óg, ag cuidiú lena athair an peitreal a iompar isteach sa teach cúpla lá roimh an ionsaí tragóideach, agus gan a fhios aige cad é a bhí ag dul ar aghaidh ach é ag iarraidh cuidiú lena athair mar a dhéanfadh aon mhac óg go bródúil, is beag nach dtéim as mo chrann taca le fearg agus mearbhall. Ábhar sóláis don anam é an obair ealaíne atá déanta ag cairde scoile Caroline, bliain i ndiaidh a básaithe, agus atá ar crochadh i bhforhalla na scoile i gcuimhne uirthi. Seasann daonnacht a cairde amach in aghaidh neamhdhaonnacht an duine a rinne an drochghníomh seo, nach féidir a mhaitheamh go deo.

Explore posts in the same categories: Uncategorized

Freagra