Lá Nua: Géarchéim Léitheoireachta na Gaeilge

An Bás ag Lá Nua

An Bás ag Lá Nua

Mar atá a fhios ag an saol Fódlach faoin am seo, nó iad siúd a bhfuil bá acu don Ghaeilge, beidh an nuachtán laethúil Gaeilge, Lá Nua, ag druidim roimh an Nollaig. Tá socraithe ag Foras na Gaeilge tacaíocht bhreise a thabhairt do nuachtán seachtainiúil a mbeidh leagan leictreonach de ar fáil chomh maith. Ba mhinic mé féin ag gearán fá chomh tanaí agus a bhíodh Lá Nua, ba mhinic mé ag clamhsán fá chuid den scríbhneoireacht, ach ba mhinic a fuair mé nuacht ann, agus ba mhinic leis altanna maithe a bheith ann agus scríbhneoireacht den chéad scoth ann. Áis iontach d’fhoghlaimeoirí na teanga chomh maith.

Tuigimse go gcaithfear cúrsaí airgid a chur san áireamh i gcónaí in aon tionscnamh mar seo, agus mura mbíonn go leor airgid ag teacht isteach caithfear ceisteanna crua a chur maidir le todhchaí an tionscnaimh. Ach creidim féin nár cheart an plé faoi Lá Nua a bheith scartha ón phlé ginearálta faoi léitheoireacht na Gaeilge.

Má tá gearradh siar le déanamh, ba chóir gach deontas a bhaineann le foilsitheoireacht a chur san áireamh. Tá mise den bharúil, idir na deontais sin ar fad, agus deontais eile nach iad, gur féidir go leor airgid a chur le chéile le nuachtán laethúil Gaeilge a chur i gcló agus a dháileadh ar fud na tíre, go háirithe nuair a bheadh tacaíocht éigin ann ó fhoilsitheoir páipéar nuachta. Nuachtán Laethúil Gaeilge agus Seirbhís Nuachta Idirlín, sin an rud atá de dhíth ar phobal na Gaeilge, thar aon rud eile, agus thar aon fhoilseachán eile, i mo bharúil féin.

Is deas an rud éagsúlacht a bheith ann sna foilseacháin atá ar fáil dúinn, ach creidimse go bhfuil neart fianaise ann gur pobal beag é pobal léitheoireachta na Gaeilge, agus níl aon amhras ormsa gur tábhachtaí i bhfad páipéar laethúil agus seirbhís laethúil idirlín ná aon chineál foilseacháin eile. Agus thiocfadh le nuachtán laethúil freastal ar na riachtanais eile, mar atá á dhéanamh go pointe ag Foinse agus ag Lá Nua araon tríd a gcuid leathanaigh ealaíne, léirmheasanna, polaitíochta, gearrscéalíochta srl. An mbíonn aon rud sna foilseacháin eile nach féidir a chur i bpáipéar nuachta? (Nár cuireadh trí eagarfhocal shuimiúla de chuid Comhar i Lá Nua cheana féin ar na mallaibh?) Nárbh fhearr i bhfad deireadh a chur le páipéar seachtainiúil agus gach maoiniú a dhíriú ar pháipéar laethúil? Agus ní bheadh sé i gceist agamsa an conradh a thabhairt do lucht Lá Nua mar atá siad bunaithe san am i láthair, ná deireadh a chur le lucht Foinse… bheadh nuachtán iomlán úr i gceist, seirbhís iomlán úr, agus iomaíocht ann do na postanna uilig. Cén fáth conradh a thabhairt do dhream amháin thar dhream eile?

Má tá géarchéim i léitheoireacht na Gaeilge san am i láthair, ní géarchéim a bhaineann le Lá Nua amháin, agus níor cheart Lá Nua a dhruidim gan croí na faidhbe a réiteach. Tá gá le astruchtúrú iomlán ar an earnáil.

Ar chóir slán a fhágáil ag foilseacháin eile, más gá, le seirbhís laethúil a shábháil? Is fiú an cheist a chur. Nó ar chóir iad a shnaidhmeadh le chéile níos fearr, san aon togra amháin, agus cineál de Irish Times na Gaeilge a chruthú?

Advertisements
Explore posts in the same categories: Cúrsaí Gaeilge

One Comment ar “Lá Nua: Géarchéim Léitheoireachta na Gaeilge”

  1. igaeilge Says:

    Fáilte romhat go dtí an blagasféar, a Sheáin.

    Tá an ceart agat a rá go bhfuil géarchéim i leitheoireacht na Gaeilge faoi láthair in ainneoin feabhas an abhair atá á chur ar fáil. Ar an droch uair is iad Foras na Gaeilge atá freagrach as foilsitheoireacht na Gaeilge ar fad – agus níl an samhlaíocht acu teacht as an ngéarchéim nó fiú b’fheidir nach n-aithníonn siad é.

    Tá gá le nuachtán laethúil cinnte agus seirbhís nuachta idirlíne. Tá deireadh curtha leis an nuachtán laethúil – nó geall leis – ag an bhForas le cabhair Shinn Féin [dá mbeadh an fód seasta ag SF ar son Lá Nua, ní bheadh an cnamhdroma ag an Fhoras deireadh a chur leis an gconradh]. Cé go nduradh go raibh sé i gceist seirbhís nuachta idirlíne bheith mar chuid den gconradh le h-aghaidh nuachtán seachtainiúil, níl i gceist de reir na foirme a fuaireas ach go gcuirfeadh an fhoilsitheoir nuachtáin in iúl cén plean atá aige abhar an sheachtanáin a chur ar líne. Ní sop fiú é seo in áít na scuaibe nó bhí Foinse á dhéanamh seo roimhe. Níl aon rud breise i gceist.

    Caithfidh daoine eile – leitheidí iGaeilge, mo bhlag féin, agus Nós agus eile foilsitheoireacht na Gaeilge a ghlacadh mar fhreagracht orthu féin. Níl aon todhchaí ag iriseoireacht na Gaeilge faoi choimirce an Fhorais….. Nílim ag caint faoi daoine ar leith san Fhoras ach faoin institiúid teanga ina iomláine. Ar aon nós tá tús curtha leis an obair sin agus tá an idirlíon ina thaca íontach ag an am seo.


Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s


Molann %d blagálaí é seo: