Archive for the 'Uncategorized' Category

Blog ag bogadh

Aibreán 12, 2009

Beidh an blag seo ag druidim ag an seoladh seo agus tá mé á aistriú go dtí seoladh eile, mar atá www.eoghanach.blogspot.com. Níl mé róshásta leis an leagan amach anseo, ná leis na roghanna atá ar fáil ag wordpress.

Rothaíocht i nGoirtín

Aibreán 6, 2009

Chuaigh mé féin is cara liom, Mícheál, ag rothaíocht thart fá cheantar Ghoirtín i dTír Eoghain tráthnóna Dé Sathairn seo chuaigh thart. Aimsir shamhraidh a bhí ann agus is doiligh a chreidbheáil go bhfuil mé i mo chónaí sa chontae seo le breis agus 45 bliain agus gan a fhios go bhfuil radharc tíre álainn [...]

Cogadh gan Chiall?

Márta 19, 2009

Mhúscáil eachtraí na seachtaine seo caite muintir na hÉireann as a suan polaitiúil maidir le ceist achrannach dhochloíte na Sé Chontae. Shíl gach duine go raibh deireadh, a bheag nó a mhór, leis an ghníomh míleata sa taobh seo tíre, agus cé gur tuigeadh gurb ann do leithéidí CIRA agus RIRA go fóill, measadh leis [...]

Ag obair sa tseirbhís phoiblí

February 20, 2009

Tá mé féin ag obair sa tseirbhís phoiblí sa chuid sin d’Éirinn atá measartha saor ó riail agus ó dhlí Shasana.  D’éist mé go cúramach leis an Taoiseach tá roinnt seachtainí ó shin nuair a chuir sé a lámha isteach i mo phócaí agus bhain amach slám mór airgid… bhuel, ní slám mór mar a [...]

Oíche Mhór sna Dúnaibh

November 29, 2008

Bhí oíche den chéad scoth agam féin, mo bhean chéile agus an bheirt iníonacha in Óstán na Trá sna Dúnaibh i dTír Chonaill aréir. Bhí ceol againn ó leithéidí Seán Mac Corraidh, Aodh Mac Ruaidhrí, agus Máire Ní Choilm. Ansin bhí dráma teaghlaigh againn le Clann Pasoma agus bhí na páistí sa dráma sin ar [...]

Tragóid i gCuimhne

November 26, 2008

Is doiligh a chreidbheáil go bhfuil breis agus bliain istigh ó fuair teaghlach iomlán McElhill bás i dtine tí ar an Ómaigh. Creidtear gurb é a n-athair Arthur McElhill a chuir tús leis an tine d’aonghnó. Gach uair a smaoiním ar bhomaití deireanacha na bpáistí beaga sin, cúigear acu, agus ar an chailín is sine [...]

Focal Fáiltiúil

November 2, 2008

Tá fearadh na fáilte romhat chuig an Bhlag seo. Seo an iarracht is déanaí agamsa blag a chur le chéile. Tá roinnt iarrachtaí eile déanta agam roimhe seo, cuid acu i mBéarla, agus cuid acu sa dá theanga. Gaeilge is mó a bheas á scríobh ar an bhlag áirithe seo, agus mé lán dóchais go [...]

Hello world!

November 2, 2008

Welcome to WordPress.com. This is your first post. Edit or delete it and start blogging!