Blog ag bogadh

Posted Aibreán 12, 2009 by seanmor
Categories: Uncategorized

Beidh an blag seo ag druidim ag an seoladh seo agus tá mé á aistriú go dtí seoladh eile, mar atá www.eoghanach.blogspot.com. Níl mé róshásta leis an leagan amach anseo, ná leis na roghanna atá ar fáil ag wordpress.

Rothaíocht i nGoirtín

Posted Aibreán 6, 2009 by seanmor
Categories: Uncategorized

Chuaigh mé féin is cara liom, Mícheál, ag rothaíocht thart fá cheantar Ghoirtín i dTír Eoghain tráthnóna Dé Sathairn seo chuaigh thart. Aimsir shamhraidh a bhí ann agus is doiligh a chreidbheáil go bhfuil mé i mo chónaí sa chontae seo le breis agus 45 bliain agus gan a fhios go bhfuil radharc tíre álainn againn ar shléibhte, ar aibhneacha, ar choillte, ar lochanna agus ar pháirceanna breá glasa.

Tá an bheirt againn ag smaointiú ar thuras na hÉireann a dhéanamh i rith an tsamhraidh ó Chionn Mhálanna go Carn Uí Néid agus seo an chéad mhór-iarracht againn lá iomlán a chaitheamh ag an rothaíocht. Bhí 65 chiliméadar curtha dínn fán am a bhain muid An Srath Bán amach arís.

Níl aon mhodh taistil níos fearr ná an rothar le sult a bhaint as an dúlra atá thart orainn. Bronntanas a bhí sa rothar sléibhe seo, a cheannaigh mo bhean chéile dom ar an dá scór a bhaint amach dom.

Caithfidh mé imeacht, tá mo bhean ag iarraidh orm dul isteach agus comhluadar a dhéanamh léi!

Cogadh gan Chiall?

Posted Márta 19, 2009 by seanmor
Categories: Uncategorized


Mhúscáil eachtraí na seachtaine seo caite muintir na hÉireann as a suan polaitiúil maidir le ceist achrannach dhochloíte na Sé Chontae. Shíl gach duine go raibh deireadh, a bheag nó a mhór, leis an ghníomh míleata sa taobh seo tíre, agus cé gur tuigeadh gurb ann do leithéidí CIRA agus RIRA go fóill, measadh leis go raibh siad mí-éifeachtach toisc iad a bheith róbheag agus róscaipthe, ar easpa taithí, sáite sa síor-aighneas inmheánach, lagaithe ag brathadóirí agus spiairí, agus an lámh in uachtar ag an PSNI orthu ar fad. Ach tharraing siad aird na tíre agus aird an domhain orthu féin leis an dá ghníomh míleata seo, inár maraíodh beirt shaighdiúirí Sasanacha agus ball den PSNI taobh istigh de 24 uair an chloig. Má bhí sé de chuspóir ag lucht na n-ionsaithe muid uilig a mhúscailt, an tír a chur ag caint agus ainm na hÉireann a chur i mbéal an phobail idirnáisiúnta arís eile, is féidir a mhaíomh gur éirigh leo sa mhéid sin.

Thóg na hionsaithe seo ceist mhór i m’intinn féin. Is poblachtánach mé. Thacaigh mé le hÓglaigh na hÉireann ón bhliain 1981, i ndiaidh dom freastal ar roinnt léirsithe ar son na stailceoirí ocrais sa Cheis Fhada, agus cruapholasaí Thatcher mo ghríosadh an t-am ar fad. Roimhe sin, ba bheag baint nó am a bhí agam do Ghluaiseacht na Poblachta. Bhí mé óg, sé bliana déag in 1980, agus mé i mo chónaí anseo ar an Srath Bán i gContae Thír Eoghain. De réir a chéile, bhog mé i dtreo na cogaíochta agus chuaigh mé isteach in Óglaigh na hÉireann. Caithfidh mé a admháil nár éirigh go rómhaith liom ag an tsaighdiúracht ach rinne mé go leor le go gcuirfeadh Seán Buí dhá théarma phríosúnachta orm. Diomaite de thrí mhí an-ghairide, chaith mé m’óige i ngéibheann ó bhí mé 19 mbliana go dtí go raibh mé 32 bliain d’aois. Ní haon seal gairid é sin i saol aon duine. Agus bhí go leor eile sa bhád chéanna liom. Na céadta. Na mílte.

Cad é a choinnigh ag gabháil muid? Ceithre rud. Uimhir a haon, brúidiúlacht an RUC agus Arm na Breataine an chéad rud a choinnigh an díograis ionainn. Ba doiligh trua ar bith a bheith againn dóibh nuair a d’amharc muid ar na hionsaithe a rinne siad ar thórraimh ár gcomrádaithe, agus an dóigh a gcuirídís fiche nó tríocha piléar istigh in Óglach gan aon arm ina sheilbh aige. An dara rud, tacaíocht ónár bpobal féin. Bhíodh daoine i gcónaí ag cur ár dtuairisce lenár muintir, thugaidís cuairt orainn go minic, scríobhaidís litreacha, agus fiú shiúlaidís na sráideanna ar ár son. B’ionann cime ag teacht amach as an phríosún anseo ar an tSrath Bán agus saighdiúr in Arm na hÉireann ag teacht abhaile ón Liobáin. An tríú rud ná stair na gluaiseachta. Má bhí fuath ag lucht na cumhachta dúinn, bhí neart samplaí de sin i stair na hÉireann. Nár chaith muintir Átha Cliath seileog le lucht an Éirí Amach? Nach raibh gach nuachtán sa tír go hiomlán i gcoinne Chogadh na Saoirse? Nár throid lucht bunaithe Fhianna Fáil in aghaidh an tSaorstáit chomh maith? Ní raibh le déanamh againn ach sracfhéachaint a thabhairt ar stair na hÉireann, agus bhí cuma ar an scéal go raibh an stair ag tacú lenár seasamh féin. Agus an ceathrú rud a choinnigh ag gabháil muid ná ceannairí polaitiúla Shinn Féin. Bhí daoine maithe éirimiúla in ann seasamh os comhair an domhain mhóir agus a chur in iúl gur cogadh ceart agus cóir a bhí againn anseo, daoine ar nós Ghearóid Mhic Adhaimh, Mháirtín Mhic Aonghusa agus Danny Morrison.

Ach d’imigh an cogadh agus tháinig an tsíocháin. Chaill mé féin muinín sa chogaíocht i bhfad sula raibh aon sos cogaidh ann. Stad mé de bheith ag tacú leis an chogadh, as mo stuaim féin. Bhí cuid de na hionsaithe deireanacha a rinne Óglaigh na hÉireann sna nóchaidí chomh holc, agus chomh míchiallmhar, agus chomh dochosanta agus a bhí na hionsaithe a tharla tá seachtain ó shin anois. Is cuimhin liom ball amháin den RUC á mharú os comhair a mhná céile sa teach tábhairne, agus í ag súil lena leanbh. Bhí muid ag cailliúint ár ndaonnachta mar gheall ar an ‘chogadh fada’.

Creidim i síocháin, ach ní haon síochánaí mé. Tá mé glan in aghaidh ionsaithe den chineál a tharla an tseachtain seo caite. Ach an bhfuil tosca polaitiúla ann ina dtiocfaí dul ar ais i mbun cogaíochta agus a mhaíomh go bhfuil sé ceart sin a dhéanamh? Ní haon am é seo le bheith ag caint ar philleadh chun cogaíochta, is dócha. Tá súil agam go bhfuil deireadh leis an chogaíocht in Éirinn. Ach is fiú ceist amháin a chur; dá vótálfadh tromlach na Sé Chontae ar son Éire Aontaithe, agus dá séanfadh Rialtas na Breataine ár gceart daonlathach orainn mar phobal, le foréigean, an mbeadh sé ceart an cinneadh daonlathach sin a chosaint go míleata? Níor mhaith liom go dtarlódh cogadh sa chás sin, agus bheinn ag súil go mbeadh glacadh go forleathan leis an vóta agus go mbeadh go leor cearta ag an phobal aontachtach le go bhfeicfidís nach aon ifreann é Éire Aontaithe, ach sin an cineál comhthéacs a bheadh de dhíth sula mbeadh aon tacaíocht ann don chogaíocht arís: is é sin, cosaint an daonlathais. Bheadh sin díreach cosúil le Cogadh na Saoirse i 1919. Cé gur gníomh mídhaonlathach an chríochdheighilt, níor éirigh linn deireadh a chur léi leis an lámh láidir. Beidh orainn an tír a athaontú ar bhealaí eile amach anseo.

Ach caithfidh mé a rá nach n-aontaím le Máirtín Mac Aonghusa nuair a deir sé gur ‘tréas’ a bhí sna hionsaithe seo seachtain ó shin. Tá an cineál sin cainte ag dul thar fóir ar fad, agus níl sé cruinn. Tuigim go maith an brú idirnáisiúnta a bhí air. Ach bhí rud éigin bréagach agus mínádúrtha faoi, go háirithe iad ag teacht ó dhuine a thug tacaíocht don IRA i rith na tréimhse inar tharla eachtraí ar nós bhuamáil Inis Ceithleann, nuair a bhíodh daoine á marú gach seachtain, cuid mhór acu gan aon bhaint nó páirt acu le rud ar bith. Shílfeá go mbeadh sé doiligh seasamh os comhair Stormont agus na foclaí sin a rá, agus ansin dul chuig ócáid chuimhneacháin le cuimhne a dhéanamh ar chrógacht daoine eile a rinne an rud céanna. An bhfuil an oiread sin de dhifear idir Éire roimh an GFA agus Éire i ndiaidh an GFA go dtig linn a rá gur rud réabhlóideach an gníomh sin a dhéanamh roimh GFA, agus gur ‘tréas’ é a dhéanamh i ndiaidh GFA? Ní chreidim é. Má bhí sé contráilte seachtain ó shin, is féidir le daoine a mhaíomh go raibh sé contráilte 20 bliain ó shin chomh maith. B’fhéidir gur chóir do Mháirtín Mac Aonghusa ceist eile a chur air féin, ceist a chur W. B. Yeats air féin cuid mhór blianta ó shin: ‘Did that play of mine send out certain men the English shot?’ Creideann cuid de na ‘heasaontóirí’ seo go bhfuil siad ag leanstan ar aghaidh leis an dearcadh agus leis an chur chuige a bhronn sean-IRA na seachtóidí is na n-ochtóidí orainn, agus gur muidne atá ciontach as ‘tréas’ a dhéanamh. Dálta an Raghailleach san Éirí Amach 1916, chuidigh muid uilig leis an chlog a thochras, ach chan ionann agus an Raghailleach, níl muid ag iarraidh é a chluinstin ag bualadh níos mó.

Ba chóir do na poblachtánaigh seo éirí as an lámh láidir láithreach. Muna n-éiríonn, ní bheidh rompu ar an saol seo ach an bás, an príosún agus an t-éadóchas le himeacht ama. Tá barraíocht oibre le déanamh chun an tír seo a athaontú, chun an cuspóir sin a chothú i measc an phobail, chun ár bpáistí a thógáil in Éirinn atá bródúil aisti féin agus atá Gaelach agus oscailte san aon am amháin, chun cur lenár saoránacht Éireannach de réir a chéile, agus chun lámh an chairdis a thairiscint dár gcomharsana aontachtach.

Caithfidh muid an chríochdheighilt a mharú le cineáltas, chan leis an chogaíocht.

Ag obair sa tseirbhís phoiblí

Posted February 20, 2009 by seanmor
Categories: Uncategorized

Tá mé féin ag obair sa tseirbhís phoiblí sa chuid sin d’Éirinn atá measartha saor ó riail agus ó dhlí Shasana.  D’éist mé go cúramach leis an Taoiseach tá roinnt seachtainí ó shin nuair a chuir sé a lámha isteach i mo phócaí agus bhain amach slám mór airgid… bhuel, ní slám mór mar a thuigeann na baincéirí an téarma sin, ach slám mór go leor domsa agus do mo chlannsa. San iomlán anois, tá thart fá 10% bainte de mo thuarastal, idir an tobhach 1%, an tobhach pinsin, agus an tarraingt siar ón gheallúint chun ardú páighe a thabhairt dúinn i mí Mheán Fómhair.

Tá cuid mhór daoine sa tseirbhís phoiblí an-mhíshásta leis seo ar fad. Anois, níl mé ag rá anseo nach bhfuil mise míshásta… ach ní éirím tógtha fá chúrsaí airgid. Bhí mé beo ar £1.83 sa tseachtain nuair a bhí mé sa Cheis Fhada agus chuaigh cuid den bheagán sin isteach i bpota lárnach le híoc as go leor rudaí eile… tobac fá choinne lucht caite tobac san áireamh, rud a chuireadh isteach ormsa i dtólamh.

Ach go ginearálta, ní bheidh mise róbhuartha faoi aon chúlú eacnamaíochta a fhad is nach gcuireann sé isteach ar thrí rud: soláthar bia, soláthar éadaí, agus dídean de chineál éigin. A fhad is go mbíonn na trí ní seo ag mo theaghlach, ní éireoinn róbhuartha fá rud ar bith eile.

Déarfainn gur cumannach nó sóisialach mé i mo chuid polaitíochta, ach ní fheicim féin aon chiall le stailc sa tseirbhís phoiblí san am i láthair. Tá breis agus míle duine ag cailliúint postanna gach lá den tseachtain. Tá daoine eile curtha ar uaireanta níos lú sa tseachtain. Tá cuid de mo chomhleacaithe féin, daoine ar conradh nach bhfuiltear lena n-athnuachaint, i ndiaidh bheith ligthe chun bealaigh.  Tá gearradh siar ar pháighe na ndaoine sin atá ar theacht isteach íseal cheana féin. Sin na daoine a bhfuil mise buartha fúthu. Dá mbeadh stailc ann le seasamh taobh le taobh leis na daoine sin, mé féin an chéad duine amuigh ar an tsráid, cinnte.

Aontaím leis na pointí atá déanta ag na Ceardchumainn gur chóir go mbeadh Comh-Shocrú Sóisialta ann idir an Rialtas, An Lucht Gnó, agus an Lucht Oibre. Ach ní sin an rud atá i gceist ag cuid mhór daoine sa tseirbhís phoiblí. Is é an rud is mó atá ag dó na geirbe acu ná ‘an tobhach’ agus a gcuid cailliúintí féin. Níl aon amhras ach go mbeidh brú mór airgid ar chuid acu mar gheall ar an tobhach  seo. Beidh brú orainn uilig. Fiú má bhíonn Comh-Shocrú de chineál éigin ann, sílim féin go mbeidh i bhfad níos mó eile le gearradh siar amach anseo… beidh an chuid is mó againn sásta pilleadh ar laethanta an tobhaigh seo faoin am a bheas seo uilig thart.

Ach ní shílim go bhfuil mórán tuisceana sa tseirbhís phoiblí ar an saol oibre taobh amuigh de bhallaí slána sábháilte na fostaíochta buaine (sin má tá aon rud slán sábháilte, i ndáiríre).

Bhí mé féin i mo shiúinéir nuair a bhí mé óg. Is cuimhin liom an obair chrua sin go fóill, anglach i mo lámha leis an fhuacht, ag éirí ar 6.30 ar maidin, fliuch báite, lá a chaitheamh ar láithreán gan fiú leithreas le fáil, saoiste éigin ag guldaráil leat, an clúdach beag tanaí ag deireadh na seachtaine… £32 punt sa tseachtain a d’fhaighinnse ag tús na n-ochtóidí. Fiú ansin, ba bheag an méid é. Dá mbeifeá tinn, chaillfeá lá páighe. Is beag lá saor a bhíodh againn… deich lá sa samhradh agus cúpla lá i rith na Nollag.  Anois tá post agam atá measartha buan. Tá teas lárnach ann. Tosaím ar a 9 a chlog. Bíonn leisc ar éinne guldaráil ar eagla go gcuirfear cás bulaíochta ina gcoinne. Tá meáchan éigin leis an chlúdach ag deireadh na seachtaine. Tá buaineacht éigin leis an fhostaíocht.

Mar sin de, tá sé iontach doiligh domsa léim amach ar an tsráid róluath. Ní bhrisfinn líne stailce ar bith, cinnte, ach tá go leor oibrithe eile amuigh ansin a bhfuil cás níos láidre acu ar chearta agus ar thacaíocht ná mar atá againne.

Ba cheart go mbeadh agóid ann i gcoinne lucht baincéireachta amháin, agus i gcoinne na bpolaiteoirí a d’oibrigh as lámh a chéile leo leis an tír a scriosadh. Tá glantachán earraigh de dhíth ar an chóras polaitiúil agus ar an chóras soch-eacnamaíochta sa tír seo. Mábhí an phobalbhreith a rinne an Irish Times ar na mallaibh cruinn agus beacht maidir le meon an phobail, is féidir go bhfuil tús curtha leis an ghlantachán cheana féin. Má chuidíonn agóidí na gceardchumann leis an ghlantachán sin, tacóidh mise leis, ach má shílimse nach bhfuil ann ach santachas ar leibhéal níos ísle, ní bheidh baint ná páirt agam leis.

An Chéad Dáil

Posted January 24, 2009 by seanmor
Categories: Dialann

Shocraigh mé féin is mo bhean na cailíní a thabhairt go Teach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath Dé Céadaoin seo caite le freastal ar an cheiliúradh 90 bliain den Chéad Dáil, a tionóladh ar an 21 Eanáir, 1919. Sinn Féineach atá i mo bheansa, poblachtánach mise nach dtig iomlán tacaíochta a thabhairt d’aon pháirtí polaitiúil níos mó, suim mhór ag an iníon is sine againn i gcúrsaí a bhaineann le stair na hÉireann, agus suim de chineál éigin ag an chailín is óige nuair a thig léi a cloigeann a thógáil ón Nintendo DS agus Super Mario.

Bhí muid rud beag mall don turas staire a reáchtáladh i rith an lae, ach bhí taispeántas breá ar siúl sa Seomra Cruinn; íomhánna de James Connolly, Constance Markievicz, Mairéad Farrell, Bobby Sands srl thart ar aghaidh na balcóine, painéil taispeántais agus scéal thuras na poblachta ón Chéad Dáil go dtí an lá inniu, agus físeán ar siúl ar an scáileán mór ar an ardán ar a raibh íomhánna ón tréimhse sin i stair na tíre seo. Casadh roinnt Gael-comrádaithe orainn, agus sin ceann de na rudaí is mó a thaitníonn liom faoi imeachtaí den chineál seo.

Mary Lou McDonald a bhí ina Bhean an Tí ar an ócáid. Lena ceart a thabhairt di, rinne sí sár-iarracht Gaeilge a labhairt ó am go chéile, agus tá súil agam go gcuirfidh sí leis sin amach anseo. Rinne ceathrar aisteoirí scéal na Chéad Dála a aithris ansin, agus chuidigh sé le blas a thabhairt dúinn uilig ar atmaisféar na tréimhse sin, agus ar thábhacht na tréimhse sin. Léadh os ard An Fhaisnéis Neamhspleádhchuis, Scéal ó Dháil Éireann Chum Saor-Náisiúin an Domhain, agus An Clár Oibre Poblachtánaighe. Bhí na ráitis seo, chomh maith le Forógra Shinn Féin agus Forógra an Éirí Amach, uilig le fáil sa phacáiste beag a bhí ar fáil mar chuimhneachán ar an ócáid ar chostas réasúnta €10.

Bhí an halla plódaithe, agus dúradh linn go raibh cúpla céad duine eile taobh amuigh nach mbeadh faill isteach acu de dheasca cúrsaí sláinte agus sábháilteachta. Mhothaigh mé féin rud beag ciontach mar nach ball den pháirtí mé níos mó agus go raibh oibrithe páirtí fágtha taobh amuigh, ach ba mhór agam go gcluinfeadh mo pháistí fá dtaobh den tréimhse seo. Rinne Caoimhín Ó Caoláin portráid de James Connolly a bhronnadh ar Jack O’ Connor, ceannaire an cheardchumainn SIPTU a raibh baint ag James Connolly leis, agus a bunaíodh céad bliain ó shin. Dúirt Jack O’Connor gurb é Sinn Féin an t-aon pháirtí amháin a rinne a leithéid de bhronnadh. Thug sé óráid den chéad scoth uaidh ina dhiaidh sin, ag déanamh tagairt don chaidreamh idir poblachtánaigh agus ionadaithe lucht oibre san anallód, agus ag déanamh tagairt do chúrsaí eacnamaíochta agus polaitíochta an lae inniu. Cháin sé na meáin chumarsáide as an treo ina raibh an díospóireacht á chur acu, ag díriú ar chiorruithe i measc oibrithe na seirbhíse poiblí agus oibrithe eile san earnáil phríobháideach gan oiread is ceist amháin a thógáil fán mhéid a ba chóir do lucht an rachmais a íoc le muid a fhuascailt ón tsáinn ina bhfuil muid.

Bhí cúpla amhrán againn ansin, ní cuimhin liom ainm na mná a cheol. ‘James Connolly’ ar dtús. Bhí rud beag díoma ar na cailíní nár ceoladh ‘Óró sé do Bheatha ‘Bhaile’ chomh maith, mar a bhí fógartha ar an chlár. Tá an t-amhrán sin ina Amhrán Náisiúnta sa teach seo. Chuir mo iníon is sine Grian suim mhór sa bhronnadh a rinneadh ar na mná atá ina n-ionadaithe polaitiúla ag an pháirtí, bonn Chumann na mBan.

Ansin cuireadh fáilte roimh Ghearóid Mac Ádhaimh. Ba léir go raibh sé tuirseach go fóill ón turas eitleáin as na Stáit Aontaithe, ach chuir mé suim sa mhéid a bhí le rá aige faoi chuspóirí na Chéad Dála a chur i gcrích, agus béim níos mó a chur ar ath-aontú na tíre agus díospóireacht a thoiseacht faoi ath-aontú na tíre. Caithfidh mise a admháil gur chaill mé féin dóchas agus muinín i Sinn Féin nuair a rinneadh ciolar chiot díobh ag cainteanna Chill Rímhinn, i mo bharúil féin, ciolar chiot a bhfuil siad ag íoc go daor as go fóill. Cuireadh gach uibh dá gcuid isteach i mbascaed ‘an phróisis’ agus i mbascaed ‘athbhunú an fheidhmeannais ó thuaidh’. Níl le déanamh ach amharc as chás Acht na Gaeilge leis an ‘chiolar chiot’ a fheiceáil, agus sin ceann de na coimitmintí is láidre a fuair Sinn Féin ag Cill Rímhinn.

Ach san am céanna, má dhíríonn siad níos mó ar cheist Ath-Aontú na hÉireann, má dhíríonn siad ar dhlí agus chumhacht Shasana a ruaigeadh as an chuid seo den tír, níl an cath caillte go fóill. Is maith liom féin go bhfuil béim á cur fosta ar dhíospóireacht a thoiseacht leis an phobal aontachtach lena n-áit insan tír seo a phlé leo, le iad a mhealladh, fiú mura mbeidh muid in ann iad a mhealladh sa ghearrthréimhse. Caithfidh muid a bheith in ann an traidisiún Oráisteach a thabhairt isteach mar chuid de thraidisiún na hÉireann, agus ciallaíonn sin go gcaithfidh muid ár n-intinn a oscailt. San am céanna, caithfidh muid ár cuid poblachtánachais a fhógairt go bródúil, agus dearmad a dhéanamh ar an phlámas folamh polaitiúil seo ‘the process’ ‘the executive’ ‘moving things forward’ ‘and all of that’ ‘change’. An dtig le Sinn Féin a bheith radacach arís, agus an radacachas sin a mheascadh le réasúntacht? Más é an chéad chéim sa treo sin ráiteas Mhic Aonghusa i nDoire inné, ag cruinniú Uile-Éireann an dá stát anseo, go bhfuil an chríochdheighilt chomh neamh-inghlactha leis an seicteachas agus leis an chiníochas, bhuel, is tús maith é.

Cibé locht a bheadh agam ar Shinn Féin, tá rud amháin soiléir doshéanta. Gan iad, ní dhéanfaí ceiliúradh ar chuid mhór d’imeachtaí stairiúla na tíre seo, mar a rinne siad Dé Céadaoin ar an Chéad Dáil. Mar a dúirt Caoimhín Ó Caoláin, fear a d’fhreastail ar an dá lá: ‘Inné, d’fhreastail mé ar ócáid le cuimhneamh a dhéanamh ar an Chéad Dáil, anocht is ag Ceiliúradh atá mé!”

Oíche Mhór sna Dúnaibh

Posted November 29, 2008 by seanmor
Categories: Uncategorized

Cuid den slua ag baint taitnimh as an oiche sna Dúnaibh

Cuid den slua ag baint taitnimh as an oíche sna Dúnaibh

Bhí oíche den chéad scoth agam féin, mo bhean chéile agus an bheirt iníonacha in Óstán na Trá sna Dúnaibh i dTír Chonaill aréir. Bhí ceol againn ó leithéidí Seán Mac Corraidh, Aodh Mac Ruaidhrí, agus Máire Ní Choilm. Ansin bhí dráma teaghlaigh againn le Clann Pasoma agus bhí na páistí sa dráma sin ar fheabhas… scríofa ag Proinsias Ó Cuilinn go háitiúil. Thug clann Uí Shibhleáin (Niamh agus Gavin) taispeántais damhsa a bhain croitheadh as urlár an tí. Ansin bhí sé in am ag na seanbhoic taispeántas drámaíochta a dhéanamh, agus fágadh an lucht féachana sna trithí ag gáire ó thús go deireadh an dráma beag leathuaire ‘Sínte’, dráma de chuid Mhícheáil Uí Thuairisc, Gaillimh, agus é curtha in oiriúint agus léirithe ag Proinsias Ó Cuilinn, agus curtha i láthair ag Aisteoirí Mhíobhaigh. Bhí blaiseadh beag den fhilíocht againn chomh maith ó Colette Ní Ghallchóir a léigh as cnuasach dánta dá cuid féin. Bhí dhá agallamh beirte ar an ardán chomh maith.

Bhí scaifte breá i láthair, muintir na háite, Béalfeirstigh agus Rannafeirstigh, agus achan chearn de Chúige Uladh agus níos faide anonn.

Nuair a bhí deireadh leis an oíche, bhí tús úr leis an oíche. Bhailigh achan duine isteach sa bheár béal dorais agus bhí idir amhránaíocht, feadóga, boscaí, giotair, fidilí, bainseó agus neart eile le ceol a choinneáil sa chomhluadar go maidin.

Stiofán Ó Néill lena Bhonn Uile-Éireann a Dhiúltú

Posted November 28, 2008 by seanmor
Categories: Iarthuaisceart

 

Bonn de chineál eile nach mbeidh ag dul isteach sna 'Occupied Territories'

Bonn de chineál eile nach mbeidh ag dul isteach sna

Tá curtha in iúl ag Stiofán Ó Néill, lántosaí de chuid Thír Eoghain, go bhfuil sé i gceist aige gan glacadh leis an bhonn Uile-Éireann a bhuaigh sé i mí Mheán Fómhair i mbliana.

 

Má baineadh siar as muintir Thír Eoghain ag tús an tséasúir peile anuraidh nuair a d’fhógair An Néilleach go raibh sé ag éirí as foireann an chontae, baineadh geit ar fad astu nuair a fuair siad amach go raibh sé ag teacht ar ais don chluiche ceannais in éadan Chiarraí.

 

Tháinig sé ar an pháirc imeartha sa chéad leath nuair a gortaíodh Colm Mac Cú Uladh agus ba mhór an fháilte a chuir na hEoghanaigh roimhe an lá sin. Cé nach raibh An Néilleach ar bharr a réime sa chluiche sin thug sé seachadadh láimhe den chéad scoth, a chuidigh le Tomaí Mag Uiginn gluaiseacht chun tosaigh i dtreo an chúil leis an scór cinniúnach sin a ghlacadh, scór a chuidigh le Tír Eoghain an triú Craobh Náisiúnta a bhaint taobh istigh de 6 bliana.

 

Ba léir ó dhreach Uí Néill ag dul suas céimeanna Pháirc Uí Chrócaigh dó ag deireadh an chluiche nach raibh sé ar a shuaimhneas faoina ról an lá sin. ‘Ní raibh mé ann ach ar feadh coicíse roimh an chluiche ceannais’ a dúirt sé, ‘agus níor thuill mé an bonn.’

 

Ní gá dó a bheith róbhuartha, áfach, mar tá an-dáimh ag muintir Thír Eoghain leis, agus tá dhá bhonn eile os cionn na tine sa bhaile lena shúil a chaitheamh orthu ó am go chéile. Lena chois sin, tá curtha in iúl aige go mbeidh sé lánpháirteach i bhfeachtas na nEoghanach sa bhliain 2009!

When CRAIC can make you CRY!

Posted November 26, 2008 by seanmor
Categories: Bilingual Diary for Learners of Irish

Sinéad Ni Cheallaigh faoi lán seoil

Sinéad Ní Cheallaigh faoi lán seoil

‘Cad é mar atá sibh, a chairde?’ How are yous this week, friends? ‘Bhí deireadh seachtaine den chéad scoth agam an tseachtain seo caite’ we had a great weekend last week. ‘Bhí oíche den chéad scoth againn’ we had one of the best nights ever. ‘Le dhá mhí’ for two months, ‘bhí mé ag súil go mór leis an Oíche Mhór Ghaelach san Amharclann’ I had been eagerly awaiting the Irish Cultural Night in the Alley Theatre, organised by local trad group CRAIC on behalf of CRY (Cardiac Risk in the Young).‘Nuair a bhain muid an amharclann amach’ when we arrived at the theatre, ‘bhí scaifte maith bailithe cheana féin’ there was a good crowd already gathered. There is always a great buzz in the Alley just before a performance; so many people to talk to, and so little time before the show. You only manage to get 20 second snippets of conversation with as many people as you can. ‘Tá sé rud beag cosúil le fíbíní cleamhnais’ It’s a bit like speed-dating, without the dating.

 

 

‘Isteach linn sa halla éisteachta’ we went into the auditorium, ‘áit ghalánta ar fad’ which is a lovely setting. ‘Bhí an áit plódaithe’ it was a packed house, and I was so pleased for the Gallagher family and CRY, for CRAIC, for the Theatre, and even for our own culture. ‘Bhí léar mór ceoltóirí áitiúla ar an ardán i rith na hoíche’ there were many local traditional musicians, of all ages and playing a wide range of instruments, on stage throughout the course of the night. ‘Cad é mar atá sibh?’ how are yous all, asked Strabane’s newest piper-on-the-block, Mick Conaghan, in Irish, as he took the stage with fellow musicians, Seán an Bhosca Ó Néill, Flint na Feadóige, Brian Hasson on guitar, Paul Rouse on bazouki, agus Simon Kennedy ar an fheadóg stáin. ‘Bhí cuid mhór Gaeilge á labhairt ar an oíche’ a lot of Irish was spoken by the musicians on the night.

 

Just before the break, ‘fágadh an t-urlár ag foireann damhsóirí seit as Doire’ a team of set-dancers from Derry took to the floor, joined by Strabane’s own ‘Ardrí an Damhsa’ Lord of the Dance, Mel O’Kane. When they went into a ‘luascadh’ or swing, ‘tógadh gáir a bhain croitheadh as creatacha an tí’ a roar went up that shook the rafters.

 

‘Chuir páistí Rang 4 as an Ghaelscoil taispeántas beag ceoil ar fáil’ the P4 children from the Gaelscoil gave a great wee performance, singing a couple of action songs in Irish ‘An Fathach Fíochmhar’ the Ferocious Giant, with little Sarah shining in vocals, and Erin Gallagher giving a confident note-perfect rendition of Egan’s Polka on the Feadóg Stáin, tin whistle. ‘Tá an teanga agus an ceol slán ar an Srath Bán’ the future of the music and language is in safe hands in these youngsters. ‘Rinne Dominic McGinty scéal a aithris’ then Dominic McGinty delivered one of his famous recitations. In the course of the night we had contrasting ballad styles from several local singers; Brian Hasson with his passion and emotion and musical awareness, Paul McCusker with his relaxed traditional style backed up by the bodhrán, and Brendan Gallagher with his unique Dubliners style of folksinging.

 

‘D’fhreastail mé ar chuid mhór imeachtaí den chéad scoth san amharclann’ I have been to some top class performances in the Alley Theatre; Altán, Kila, Téada and Frances Black, to name but a few. ‘Tá rún le sceitheadh agam’ I have a confession to make. While all these acts are among the best in the country, I tend to think ‘gur leor uair an chloig’ that an hour is more than enough, ‘agus bíonn doicheall agus leisce orm dul isteach arís i ndiaidh an tsosa’ and I sort of dread going back in for another hour after the short break in the show. I don’t know if anyone else feels like this. I get it in every show.

 

However, I did not get it in this CRAIC show. I couldn’t wait to get back in and see who and what would be on the stage next. ‘Agus níor ligeadh síos muid’ and we were not let down. The young dancers of the Barrett School of Dancing lifted the second half with a powerful Riverdance performance. It was great to see a performance that was purely focused on dancing, posture, choreography, music and flowing movement, and it is a breath of fresh air from the wigs, make-up, Book of Kells dresses, and shackled approach of some Irish dancing. ‘Maith sibh’ well done, folks. ‘Agus bhí súil amháin agam ar neacht óg de mo chuid a ghlac páirt sa damhsa sin’ and I had one eye on my own niece, Aoife Devine, who was in the dancing troupe. Well done, Aoife!

 

Emotions where high when Fear an Tí Thomas Maguire asked John Gallagher to say a few words on behalf of CRY, Cardiac Risk in the Young, for whom the night was organised. John and his wife Blanche tragically lost two of their children to the illness, Jonathan (9) in 1985, and Lauren (13) in 2006. He spoke of the struggle to secure cardiac screening for our young people in Strabane. ‘One of the biggest challenges, Seán’ he said to me later ‘is that most people think it won’t happen to them, or to anyone close to them. If cardiac screening can save one young life in Strabane, then it is worth it’. Geraldine Gallagher, a key organiser of the event on behalf of CRAIC local traditional musicians, stated that the organisation regarded all its members as friends and family, and when tragedy strikes one of us it is felt by us all. The night was one small way of offering support for the Gallagher family and for other families who have suffered in similar ways.

 

‘Caithfidh mé a rá’ I have to say, for me, this night was Strabane at its best; ‘An cultúr’ the culture, ‘an ceol’ the music, ‘an Ghaeilge’ the Irish language, ‘an amharclann úr’ the new state of the art theatre, ‘agus an pobal’ and the community, coming together for a vital cause.

 

‘Lean an dara cuid den oíche ar aghaidh i dTeach Christy ina dhiaidh sin’ and the second half of the night was finished off with a fine trad session in Christy’s Bar after the theatre.

 

Leitir Ceanainn

‘An lá dár gcionn’ the next day a couple of us went to play a bit of trad music at a wedding in Letterkenny. Sometimes musicians can feel a bit ignored in a bar, and not just trad musicians. But I now have found the best place and time for traditional musicians to play music; ‘is é sin faoin teilifís sa teach tábhairne nuair a bhíonn cluiche mór peile ar siúl’ directly under the TV in the bar when there’s a big match on. ‘Bhí gach duine cruinn thart orainn’ everyone was gathered around us, ‘bhí siad ag baint lán a gcuid súl asainn’ they were all staring directly at us, ‘agus bhí siad ag scairteadh agus ag bualadh bos’ and they were cheering an clapping. All we need to do now is time the ending of our tunes to coincide with goals being scored.

Tragóid i gCuimhne

Posted November 26, 2008 by seanmor
Categories: Uncategorized

ealain-caroline-mcelhill1Is doiligh a chreidbheáil go bhfuil breis agus bliain istigh ó fuair teaghlach iomlán McElhill bás i dtine tí ar an Ómaigh. Creidtear gurb é a n-athair Arthur McElhill a chuir tús leis an tine d’aonghnó. Gach uair a smaoiním ar bhomaití deireanacha na bpáistí beaga sin, cúigear acu, agus ar an chailín is sine acu Caroline, agus an phaidrín i lámh amháin aici agus guthán póca sa lámh eile, cuireann sé ar seachrán mé. Nuair a smaoiním ar a mhac óg, ag cuidiú lena athair an peitreal a iompar isteach sa teach cúpla lá roimh an ionsaí tragóideach, agus gan a fhios aige cad é a bhí ag dul ar aghaidh ach é ag iarraidh cuidiú lena athair mar a dhéanfadh aon mhac óg go bródúil, is beag nach dtéim as mo chrann taca le fearg agus mearbhall. Ábhar sóláis don anam é an obair ealaíne atá déanta ag cairde scoile Caroline, bliain i ndiaidh a básaithe, agus atá ar crochadh i bhforhalla na scoile i gcuimhne uirthi. Seasann daonnacht a cairde amach in aghaidh neamhdhaonnacht an duine a rinne an drochghníomh seo, nach féidir a mhaitheamh go deo.

93 Post Caillte i nDoire

Posted November 24, 2008 by seanmor
Categories: Iarthuaisceart

monarcha-i-ndoire2Tá 93 oibrí i monarcha comhpháirteanna cairr i nDoire, Calcast, le ligint chun bealaigh, anois agus muid i mbéal na Nollag, mar gheall ar an ghéarchéim gheilleagrach dhomhanda, de réir lucht bainistíochta an chomhlachta. Bhí suas le 250 duine fostaithe sa mhonarcha lá den tsaol, agus é suite i gCrampsie taobh amuigh de Chathair Dhoire. Déantar cinn sorcóra fá choinne carranna den déanamh Ford Explorer agus tá monarcha eile ag an chomhlacht i nDunmurray in aice le Béal Feirste. Dúradh leis na hoibrithe go dtiocfadh dul abhaile ar an toirt, ach d’fhan an chuid is mó acu lena chinntiú go gcaithfeadh na bainisteoirí mar is ceart leo ó thaobh iomarcaíochta de.